Déanann an tAire McGrath ceapachán chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann
- Foilsithe: 16 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Michael McGrath TD, an tAire Airgeadais, tar éis comhalta nua a cheapadh chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann. Rachaidh an tOllamh Stephen Millard i mbun an róil an 17 Meitheamh 2024.
Ceapadh an tOllamh Millard ó phainéal d’iarrthóirí gearrliostaithe a bunaíodh tar éis próiseas roghnúcháin oscailte a reáchtáladh tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí níos luaithe i mbliana. Líonfaidh sé folúntas a bhí ann cheana ar an gComhairle. Dá bhrí sin, mairfidh téarma oifige an Uas. Millard go dtí an 31 Nollaig 2024, agus an fhéidearthacht ann é a athcheapadh ar feadh dhá théarma eile ceithre bliana. Tá sé sin ar aon dul leis an Acht um Fhreagracht Bhuiséadach, 2012, arna leasú.
Dúirt an tAire McGrath:
“Ba mhaith liom tréaslú leis an Ollamh Stephen Millard agus gach rath a ghuí air ina ról nua ar Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann. Imríonn an Chomhairle ról tábhachtach inár bpróiseas buiséadach, agus leanann sí le rannchuidiú luachmhar a dhéanamh leis an díospóireacht phoiblí maidir leis na saincheisteanna eacnamaíocha agus fioscacha atá roimh an Stát.”
Beathaisnéis Ghearr
Tá Stephen Millard ina Leas-Stiúrthóir um Shamhaltú agus Réamhaisnéisiú Maicreacnamaíoch ag an Institiúid Náisiúnta um Thaighde Eacnamaíoch agus Sóisialta sa Ríocht Aontaithe. Tá PhD aige in Eacnamaíocht ó Ollscoil Northwestern. Sula ndeachaigh sé isteach san Institiúid, d’oibrigh Stephen ag Banc Shasana ar feadh 26 bliana, áit a raibh róil éagsúla bheartais, taighde agus bhainistíochta aige sna Stiúrthóireachtaí um Anailís Airgeadaíochta agus um Bonneagar Margaidh Airgeadais. Tá sé ina Ollamh ar Cuairt ag Scoil Ghnó Ollscoil Durham ón mbliain 2011 amach agus ag Ollscoil Portsmouth ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 amach.
D’fhoilsigh an tOllamh Millard páipéir sna foilseacháin seo a leanas: The Economic Journal; Journal of the European Economic Association; Journal of Economic Dynamics and Control; Applied Economics; Economics Letters; International Journal of Central Banking; Oxford Review of Economic Policy; agus Oxford Economic Papers.
An próiseas roghnúcháin
Seoladh an próiseas roghnúcháin le haghaidh an cheapacháin seo ar aon dul leis na “Treoirlínte do cheapacháin chuig Boird Stáit”, ar treoirlínte iad a d’fhoilsigh an Rialtas i mí na Samhna 2014. Fógraíodh an folúntas ar Stateboards.ie, agus bhainistigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an próiseas.
Tá mionsonraí faoi Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann, lena n-áirítear mionsonraí faoina comhaltaí boird, ar fáil ag www.fiscalcouncil.ie.