Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an Roinn Airgeadais páipéar ar théarnamh mhargadh saothair iarphaindéime na hÉireann

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 14 Lúnasa 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

D’fhoilsigh an Roinn Airgeadais páipéar eacnamaíoch nua inniu (Déardaoin) dar teideal Leanúnachas agus athrú: Scrúdú a dhéanamh ar threochtaí i margadh saothair na hÉireann le déanaí (Béarla). Agus cúig bliana dulta thart ó thit amach phaindéim Covid-19, déantar sa pháipéar seo machnamh ar an margadh saothair iarphaindéime. Scrúdaítear ann na nithe a bhí taobh thiar den fhás fostaíochta le déanaí, agus iniúchtar ann treochtaí maidir leis an meánlíon uaireanta a oibríodh agus maidir le táirgiúlacht.

Ag labhairt dó faoin anailís atá leagtha amach sa Tuarascáil, dúirt Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais:

“Fáiltím roimh an anailís atá á foilsiú inniu, ina leagtar amach an téarnamh iontach a tháinig ar mhargadh saothair na hÉireann. Beagán os cionn cúig bliana ó shin, le linn bhuaic na paindéime, bhí éiginnteacht ann maidir leis an ionchas eacnamaíoch, agus b’éigean do chodanna móra dár ngeilleagar dúnadh thar oíche. Ag an am sin, bhí thart ar 1.2 milliún duine spleách ar an Stát le haghaidh cineál éigin tacaíochta ioncaim nó fostaíochta, agus bhí eagla ann go bhfágfadh an phaindéim lorg buan ar ár ngeilleagar.

“Ar an dea-uair, d’éirigh linn an lorg sin a sheachaint. Sa lá atá inniu ann, tá an margadh saothair i riocht níos láidre ná mar a bhí roimh an bpaindéim, agus an líon daoine is mó riamh san fhostaíocht anois. Tá an ráta dífhostaíochta faoi bhun 5 faoin gcéad le breis agus trí bliana anuas freisin. Mar a leagtar amach san fhoilseachán seo, rinne an leibhéal is airde riamh de rannpháirtíocht na mban san fhórsa saothair rannchuidiú suntasach lenár dtéarnamh iarphaindéime.

“Níor de thaisme a tharla an téarnamh sin. Is léiriú é ar an athléimneacht agus an inoiriúnaitheacht as cuimse atá ann i measc oibrithe agus ghnólachtaí na hÉireann, mar aon leis na roghanna cinntitheacha beartais a rinne an Rialtas le linn na tréimhse dúshlánaí sin. Áirítear leo sin scéimeanna fóirdheontais pá, lenar coinníodh an nasc idir fostóirí agus fostaithe ar bun fad a bhí bearta srianta i bhfeidhm.

“Cé gur féidir linn aitheantas a thabhairt don dul chun cinn suntasach a rinneamar le cúig bliana anuas, agus an ceart againn, níor cheart dúinn a bheith réchúiseach. Cruthaíonn an éiginnteacht agus an ilroinnt atá ann sa mhargadh trádála domhanda dúshlán suntasach do gheilleagar na hÉireann.

“Ina fhianaise sin, is gá don bheartas buiséadach a bheith inbhuanaithe i gcónaí, agus díriú soiléir á leagan ar chaiteachas a bhrúnn fás fadtéarmach chun cinn. Sin an fáth ar gheall an Rialtas, faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, €275 billiún a infheistiú inár ngeilleagar thar an gcéad deich mbliana eile, rud a chuirfidh borradh faoi chumas táirgiúil ár bhfórsa saothair agus a chabhróidh le feabhsuithe leantacha a chinntiú ar chaighdeáin mhaireachtála sna blianta atá le teacht.”

Áirítear iad seo a leanas leis na príomhléargais atá sa pháipéar:

  • Théarnaigh margadh saothair na hÉireann go láidir ó éifeachtaí na paindéime, agus fás láidir fostaíochta á thaifeadadh aige ó bhí an bhliain 2021 ann.
  • Cruthaíodh breis agus 440,000 post ó ráithe 4 den bhliain 2019 i leith, agus an ráta dífhostaíochta faoi bhun 5 faoin gcéad le níos mó ná trí bliana anuas.
  • Ba é an príomhrud a bhí taobh thiar den fhás fostaíochta sin ná leathnú an fhórsa saothair, de bharr imirce isteach agus de bharr rannpháirtíocht mhéadaithe araon.
  • Cé gur tháinig méadú ar an ráta rannpháirtíochta i measc na ngrúpaí uile, bhí na gnóthachain ba mhó comhchruinnithe i measc na gcohórt ag a raibh an ceangal is lú leis an bhfórsa saothair san am atá thart, go háirithe mná agus oibrithe scothaosta. Go deimhin, mhéadaigh ráta rannpháirtíochta na mban san fhórsa saothair faoi thart ar 4½ pointe céatadáin idir na blianta 2019 agus 2024.
  • De réir mar a mhoillíonn fás an fhórsa saothair mar gheall ar aosú an daonra, tiocfaidh táirgiúlacht chun bheith ar an bpríomhspreagadh maidir le fás geilleagrach sa mheántéarma.

Críoch

Leanúnachas agus Athrú: Scrúdú a Dhéanamh ar Threochtaí i Margadh Saothair na hÉireann le Déanaí (Béarla)

Nótaí d’eagarthóirí

Tríd is tríd, tá na figiúirí atá curtha i láthair sa tuarascáil bunaithe ar shonraí a bailíodh suas go deireadh na bliana 2024.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat