Leanfaidh ESRI ar aghaidh mar chomhpháirtí sonraí do Mhná san Airgeadas
- Foilsithe: 28 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2026
- Dámhadh conradh comhpháirtí sonraí do ESRI tar éis próiseas soláthair
- D’fhógair an tAire Robert Troy cistiú Rialtais dar luach €50,000 don Chairt i mí Eanáir 2025
Tar éis don Aire Troy tacaíocht dhíreach ón Rialtas ab fhiú suas le €50,000 a fhógairt níos luaithe i mbliana do Chairt na hÉireann um Mná san Airgeadas, cuireadh tús le próiseas soláthair chun comhpháirtí sonraí a áirithiú don bhliain atá le teacht. Tar éis measúnú a dhéanamh ar na tairiscintí a fuarthas, dámhadh an conradh don Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI), arbh í an comhpháirtí taighde do na trí bliana roimhe í.
A bhuí leis an gcistiú sin, agus leis an gconradh a dámhadh do ESRI, cinnteofar go mairfidh an Chairt um Mná san Airgeadas tar éis threoirchéim na Cairte agus go leanfaidh sí le cuspóirí an tionscail a chomhlíonadh i ndáil le hionadaíocht na mban.
Chothaigh an Chairt móiminteam suntasach sa chéad trí bliana, ar lena linn a mealladh 104 chuideachta chun a n-ainm a chur leis an gCairt. Is ag na cuideachtaí sin atá breis agus 72,000 fostaí, nó níos mó ná leath na bhfostaithe uile san earnáil airgeadais agus árachais in Éirinn.
Dúirt an tAire Troy:
“Tá an Rialtas tiomanta do chleachtais éagsúlachta a chur ar aghaidh ar fud roinnt mhaith tionscal, agus is fianaise eile ar an tiomantas sin é an cistiú díreach don Chairt um Mná san Airgeadas. Bhain an Chairt torthaí fiúntacha amach sa chéad trí bliana dá hoibriú, agus tá muinín agam gur féidir léi leanúint le cur leis an rath luath sin. Tá ríthábhacht ag baint le sonraí tionscail a bhailiú maidir le cuntasacht agus trédhearcacht a sholáthar i leith an dul chun cinn a rinneadh, agus tá ESRI i riocht maith chun tacú leis an gCairt sa chéad chéim eile seo.”
Dúirt an tOll. Helen Russell, Ollamh le Taighde ag ESRI:
“Tá áthas orainn gur roghnaíodh sinn chun leanúint leis an ról atá againn mar chomhpháirtí sonraí don Chairt um Mná san Airgeadas. Tá ról ríthábhachtach ag taighde neamhspleách ardchaighdeáin maidir le dul chun cinn a rianú agus maidir le tacú le hionadaíocht inscne níos fearr ar fud na hearnála seirbhísí airgeadais.”
Tháinig Cairt na hÉireann um Mná san Airgeadas chun cinn faoin straitéis ‘Éire d’Airgeadas’ sa bhliain 2022, agus é mar aidhm léi feabhas a chur ar ionadaíocht na mban i ngnólachtaí seirbhísí airgeadais a oibríonn in Éirinn. Tá an tionscnamh faoi stiúir ag an tionscal, le tacaíocht ón rialtas. Is iad seo na ceanneagraíochtaí: Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí Éireann, Seirbhísí Airgeadais Éireann (atá mar chuid de Ibec), Árachas Éireann, agus Cistí Éireannacha, agus rannpháirtíocht ghníomhach ann ón Roinn Airgeadais, ón Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta agus ó Fhiontraíocht Éireann.
Agus an comhpháirtí sonraí i bhfeidhm anois don bhliain 2026, seolfar an ceathrú tuarascáil bhliantúil sa samhradh.
Nuair a bheidh siad ar fáil, comhroinnfidh Cairt na hÉireann um Mná san Airgeadas tuilleadh mionsonraí faoin tuarascáil bhliantúil, faoin seoladh agus faoi na príomhthátail.