English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn Airí roimh shíniú an ordaithe chun tobhach an Chiste Cúitimh Dócmhainneachta do Mhótar-Árachóirí a laghdú ó 2% go 1%

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 25 Deireadh Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 1 Feabhra 2024

Fáiltíonn an tAire Airgeadais agus an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas roimh shíniú an ordaithe chun tobhach an Chiste Cúitimh Dócmhainneachta do Mhótar-Árachóirí a laghdú ó 2% go 1%

Ag teacht sna sála ar an bhfógra ar lá an Bhuiséid, d’fháiltigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, agus Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, i gcomhpháirt roimh shíniú an laghdaithe ó 2 faoin gcéad go 1 faoin gcéad i ráta céatadánach bliantúil an Chiste Cúitimh Dócmhainneachta do Mhótar-Árachóirí ina dhlí.

Dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:

“Tá tobhach an Chiste Cúitimh Dócmhainneachta do Mhótar-Árachóirí ina chuid thábhachtach den bhonneagar atá mar bhonn agus thaca ag an margadh árachais gluaisteán in Éirinn, agus soláthar á dhéanamh aige d’éilimh ó thríú páirtithe i gcás go bhfuil an t-árachóir dócmhainneach. I bhfianaise staid láidir airgeadais an Chiste i láthair na huaire, tá áthas orm mo lámh a chur leis an ordú lena ndeimhnítear laghdú sa tobhach ó 2% go 1%.

“Rachaidh sé sin chun tairbhe do suas le 2.2 milliún sealbhóir polasaí a bheidh ag athnuachan a bpolasaí an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh. Is é atá san fhíric go rabhthas in ann é sin a dhéanamh le linn an dúshláin costais maireachtála atá ann cheana ná fianaise á léiriú go bhfuil an margadh árachais gluaisteán ag feabhsú. Is é an toradh a bheidh ar laghdú sa ráta céatadánach bliantúil ná go laghdófar méid na ranníocaíochtaí ó ghnólachtaí árachais gluaisteán faoi thart ar €20 milliún an bhliain seo chugainn agus beidh tionchar díreach aige sin dá réir ar an gcostas árachais do ghluaisteánaithe.”

Dúirt Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas:

“Tá an Rialtas meáite ar phraghsanna árachais níos ísle a chothabháil do ghluaisteánaithe. Ós rud é gur féidir linn anois an tobhach seo a laghdú faoina leath, rachfar chun tairbhe do ghluaisteánaithe, a bhfuil laghdú os cionn 40 faoin gcéad ar an meán tagtha ar a bpréimheanna ó bhí an bhliain 2016 ann.

“Tá pacáiste athchóirithe árachais gan fasach tar éis a bheith brúite chun cinn ag an rialtas agus tá pointe tábhachtach athchasta bainte amach againn, agus an deis ag árachóirí atá nua sa mhargadh agus ag árachóirí atá sa mhargadh cheana féin a riosca a leathnú agus roghanna níos iomaíche a chruthú do gach tomhaltóir árachais in Éirinn.”


Nótaí

Ciste ex-ante a bunaíodh sa bhliain 2018 is ea an Ciste Cúitimh Dócmhainneachta do Mhótar-Árachóirí. Tá sé mar aidhm leis ranníocaíochtaí a bhailiú ó árachóirí gluaisteán chun cistiú a dhéanamh ar an méadú i gcúiteamh d’éilimh árachais gluaisteán ó thríú páirtithe ó 65% go 100% i gcásanna ina bhfuil an t-árachóir dócmhainneach.

Is é cuspóir an Chiste Cúitimh Dócmhainneachta do Mhótar-Árachóirí ná gurbh amhlaidh, maidir leis na leibhéil chúitimh ab iníoctha ón gCiste Cúitimh Árachais i leith éilimh árachais gluaisteán ó thríú páirtithe mar thoradh ar árachóir gluaisteán do theacht chun bheith dócmhainneach, a bheadh siad coibhéiseach leis na leibhéil chúitimh a d’íocfadh Biúró Árachóirí Gluaisteán na hÉireann amach dá mbeadh imbhualadh ag gluaisteánaí le tiománaí neamh-shainaitheanta nó le tiománaí nach bhfuil aon árachas aige/aici.

Le hAcht 2018, ceanglaítear ar árachóirí gluaisteán céatadán socraithe d’ollphréimheanna árachais gluaisteán scríofa a ranníoc gach bliain leis an gCiste Cúitimh Dócmhainneachta do Mhótar-Árachóirí go dtí go mbeidh €200 milliún sa Chiste. Ag an gcéim sin, tá ranníocaíochtaí le cur ar fionraí (0%) go dtí go ndéanfar glao ar an gCiste. Tá an ráta ranníocaíochta faoi réir athbhreithniú bliantúil ag an Aire Airgeadais, agus féadfar é a shocrú idir 0% agus 3%, de réir tosca amhail an méid atá ar fáil sa Chiste nó an dóchúlacht go ndéanfaí glao air.