Fáiltíonn an tAire Donohoe riamh fheidhmíocht láidir chánach na bliana seo caite

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donohoe riamh fheidhmíocht láidir chánach na bliana seo caite

Úsáid bainte as fáltais farasbairr chánach corparáide chun barrachas dheireadh na bliana a fheabhsú, agus cur ar chumas na hÉireann déileáil níos fearr leis na rioscaí a bheidh ann amach

  • In 2019 bhí na fáltais chánach iomlána cothrom le €59.3 billiún, suas 6.8 faoin gcéad ón mbliain roimhe mar gheall ar fhorbairt shuntasach sna ceannteidil chánach ar fad;
  • Bhí na fáltais chánach don bhliain seo caite cothrom le €1.4 billiún níos mó ná mar a rabhthas ag súil leis, mar gheall ar fheidhmíocht láidir na cánach corparáide;
  • Is dócha go mbeidh rófheidhmíocht na bhfáltas cánach mar bhonn le barrachas ginearálta rialtais de 0.4 faoin gcéad OTI (thart ar €1½ billiún) anuraidh, leasú aníos i gcomparáid leis an 0.2 faoin gcéad barrachas OTI a sonraíodh i mí Dheireadh Fómhair;
  • Tarraingíonn fáltais 2019, go háirithe feidhmíocht na cánach corparáide, aird ar an ngá atá le leanúint leis an bpolasaí de bharrachas leantach a rith chun cosaint a sholáthar i gcoinne an laghdaithe dhosheachanta ar thorthaí ón bhfoinse seo.
  • Is é an aidhm atá ag an Rialtas barrachas de 1 faoin gcéad de OTI a bhaint amach faoi 2022 agus é seo a choimeád sa mheántréimhse – ba cheart go mbeadh sé seo mar bhonn lenár gcóimheas fiachas-ollioncam indiúscartha náisiúnta (GNI)* a bheith ag laghdú go dtí 85 faoin gcéad as seo go ceann cúig bliana.

Bhí fáltais chánachais le haghaidh 2019 cothrom le €59.3 billiún, an leibhéal is airde riamh agus beagnach €1.4 billiún os cionn an fhigiúir a bhí luaite ar dtús. Sna príomh-cheannteidil chánach ar fad, bhí fáltais ag teacht lena raibh súil leis ach bhain eisceacht shuntasach amháin leis na fáltais cánach corparáide, a bhí €1.4 billiún níos mó ná mar a bhí tuartha.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D., agus é ag fáiltiú roimh na figiúirí:

“Fianaise ar an bhforbairt gheilleagrach agus ar an méadú ar fhostaíocht é feidhmíocht láidir na bhfáltas cánach arís anuraidh. I dteannta le méaduithe dea-bhainistithe ar chaiteachas, is ionann na fáltais chánach seo agus barrachas buiséid de 0.4 faoin gcéad de OTI don bhliain seo caite.

“Is é barrachas buiséid a rith an chéad mhodh cosanta chomh fada is a bhaineann lenár róbhrath ar fháltais chánach corparáide. Is é an aidhm atá againn, barrachas 1 faoin gcéad de OTI a bhaint amach faoi 2022 agus é sin a choimeád sa mheántréimhse – faoi réir fás geilleagrach leanúnach. I bhfocail eile, níl fáltais ‘farasbairr’ cánach corparáide in úsáid chun caiteachas laethúil a mhaoiniú, tá siad in úsáid chun fiachas a laghdú.”

CRÍOCH

Nótaí don eagarthóir:

Bhí an réamhaisnéis d’ioncam cánach sonraithe i mBuiséad 2019 (i nDeireadh Fómhair 2018).

Beidh olltoradh ginearálta an rialtais le haghaidh 2019 á thuairisciú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh in Aibreán 2020.

Anuraidh bhí an t-ioncam cánach cothrom le €59.3 billiún.

Anuraidh bhí an t-ollchaiteachas vótáilte ar sheirbhísí poiblí agus bonneagar cothrom le €67.4 billiún, lena n-áirítear breis is €10 mbilliún i gcaiteachas atá á mhaoiniú ón gCiste Árachais Shóisialaigh agus ón gCiste Náisiúnta Oiliúna.

Áiríodh san fhigiúr sin caiteachas reatha de €60 billiún (méadú bliantúil de 5.2 faoin gcéad) agus caiteachas caipitil de €7.4 billiún (méadú bliantúil de 22.5 faoin gcéad).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat