English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh íocaíocht €5 milliún do charthanachtaí faoi Scéim Cúitimh CBL do Charthanachtaí

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D'fháiltigh an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Paschal Donohoe TD inniu (Dé Máirt), i gcomhréir lena ghealltanas i mBuiséad 2018, go leithdháilfear cúig mhilliún euro ar eagraíochtaí carthanachta maidir le cion den CBL a thabhaigh siad i soláthar earraí agus seirbhísí a bhaineann lena ngníomhaíochtaí.

I mBuiséad 2018, d'fhógair an tAire, mar aitheantas ar an obair a rinne carthanachtaí, go raibh ciste de €5m á chur ar fáil aige chun iad a chúiteamh as an CBL a thabhaíonn siad ar a n-ionchuir. Tá carthanachtaí díolmhaithe ó CBL agus dá réir sin ní féidir leo a n-ionchuir a éileamh. Thosaigh an scéim in 2018 agus baineann sí le CBL a íoctar ar chaiteachas cáilitheach an 1 Eanáir 2018 nó dá éis. Is féidir le carthanachtaí éileamh amháin a chur isteach in aghaidh na bliana maidir le CBL a íocadh an bhliain roimhe sin. Is féidir éilimh a chur isteach idir 1 Eanáir agus 30 Meitheamh gach bliain. Is féidir CBL a íoctar ar chaiteachas in 2019 a éileamh idir 1 Eanáir agus 30 Meitheamh 2020.

Táthar ag n-íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíochtaí leis na carthanachtaí lena mbaineann sna laethanta amach romhainn. Ciallaíonn sé sin go bhfaighidh níos mó ná 1100 carthanacht roinnt ranníocaíochta i leith a gcostas CBL nach raibh ar fáil go dtí seo.

Ghlac an tAire buíochas le gach duine a bhí páirteach san earnáil charthanachta a d'oibrigh go dlúth le hoifigigh ina Roinn agus leis na Coimisinéirí Ioncaim as an scéim a thabhairt chun críche. Dúirt sé go gciallódh an dlúth-chomhoibriú seo chun go leanfaí le mionchoigeartú leanúnach a dhéanamh ar riarachán agus ar fheidhmiú na scéime ar mhaithe leis an earnáil.

CRÍOCH

Teagmháil:

Aidan Murphy - Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais - 085 886 6667

pressoffice@finance.gov.ie