Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh cheapadh an Uasail Aidan Williams mar Chathaoirleach ar Bhord NAMA
- Foilsithe: 18 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 18 Nollaig 2019
D’fhógair an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an tUasal Paschal Donohoe, T.D., inniu (an 18 Nollaig 2019) gur ceapadh an tUasal Aidan Williams mar Chathaoirleach Bhord of NAMA, le héifeacht ón 21 Nollaig 2019. Tiocfaidh an tUasal Williams, ar ball de Bhord NAMA é faoi láthair, in ionad an Uasail Frank Daly, a bhain deireadh a dara téarma amach mar Chathaoirleach NAMA agus atá ag dul ar scor.
Ceapadh an tUasal Williams le Bord NAMA an 2 Aibreán 2019 agus tá taithí de bhreis ar dhaichead bliain aige ar Mhargaí Caipitil Idirnáisiúnta, Baincéireacht Infheistíochta, Bainistíocht Ciste agus Stocbhróicéireacht. Is é an tUasal Williams Cathaoirleach reatha Chuideachta Ghníomhaíochta Sainithe Macquarie Capital Ireland agus Cuideachta Phoiblí Theoranta Unicredit Bank Ireland.
Ag trácht dó ar an gceapachán, dúirt an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an tUasal Paschal Donohoe, T.D.:
“Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun comhghairdeas a dhéanamh leis an Uasal Williams ar a cheapachán mar Chathaoirleach Bhord NAMA. Is ról tábhachtach agus doiligh é seo agus guím rath leanúnach ar an nGníomhaireacht faoina Chathaoirleacht.
Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl, chomh maith, don Uasal Daly, a chríochnaigh a dara téarma mar Chathaoirleach NAMA. Faoina Chathaoirleacht, d’imir NAMA tionchar thar a bheith dearfach ar gheilleagar na hÉireann le linn tráth ríthábhachtach i stair ár dtíre agus ba mhian liom an deis seo a ghlacadh chun mo bhuíochas a chur in iúl dá thiomantas agus den mhéid a chuir sé leis an rath a bhí ar an ngníomhaireacht ó ceapadh é mar Chathaoirleach 10 mbliana ó shin. Guím gach rath air le linn a scoir.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
- Tá an ceapachán seo á dhéanamh ag an Aire faoi Alt 25 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, inar féidir leis an Aire, ar scor dó, duine de bhaill cheaptha Bhord NAMA a ainmniú mar a Chathaoirleach.
- I ndiaidh an cheapacháin seo, tosóidh an tAire leis an bpróiseas ina gceapfar baill nua le Bord NAMA tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go luath in 2020.