English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh chinneadh Permanent TSB chun cuid shuntasach de ghnó Miondíola agus FBM Bhanc Uladh a fháil i bPoblacht na hÉireann

Fáiltíonn an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, roimh ráiteas an lae inniu ó Permanent TSB (PTSB) go bhfuil comhaontuithe dlíthiúla ceangailteacha sínithe aige le NatWest Group maidir le cuid shuntasach de ghnó Miondíola agus FBM Bhanc Uladh a fháil i bPoblacht na hÉireann.

Ag labhairt faoin idirbheart, dúirt an tAire Donohoe:

“Is forbairt an-dearfach é an t-idirbheart seo do PTSB agus is deis shuntasach é don Bhanc, dá pháirtithe leasmhara agus dá chustaiméirí a sheasamh i margadh baincéireachta na hÉireann a chomhdhlúthú agus é féin a chur chun cinn d’fhás amach anseo. Le tarraingt siar Bhanc Uladh agus KBC ó mhargadh na hÉireann, tá ról níos tábhachtaí ná riamh ag PTSB ar scála níos mó maidir le hiomaíocht fhiúntach a chur ar fáil do thomhaltóirí ó thaobh rogha táirgí agus praghsáil araon de.

Maidir leis na hiasachtaithe sin de chuid Bhanc Uladh, tugann sé cinnteacht dóibh maidir le ceann scríbe a n-iasachtaí, agus beidh rogha ag taisceoirí a ngnó a aistriú go PTSB an bhliain seo chugainn. Chomh maith leis sin, is mór an sólás do líon mór d’fhoireann Bhanc Uladh an t-idirbheart ó thaobh slándáil poist de.

Tacaím fós le PTSB mar scairshealbhóir thar ceann an Stáit agus tugaim faoi deara go bhfuil próisis cheadaithe leanúnacha fós leis an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí agus le Banc Ceannais na hÉireann, agus go dtiocfaidh deireadh leo an bhliain seo chugainn.”

Críoch