English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh uimhreacha OTI Ráithe 3 a dheimhníonn móiminteam leanúnach sa gheilleagar, in ainneoin éiginnteachtaí seachtracha

  • Tháinig ardú 1.7 faoin gcéad sa tríú ráithe in 2019 ar OTI i gcomparáid leis an ráithe roimhe sin, agus bhí sé 5 faoin gcéad níos airde ná mar a bhí sa tréimhse chéanna bliain roimhe sin.
  • Tá méadú 5.9 faoin gcéad tagtha ar OTI i gcaitheamh na chéad trí ráithe sa bhliain.
  • Tháinig borradh ar ráta daingean 3.3 faoin gcéad ar ídiú pearsanta bliain ar bhliain, atá ar aon dul le borradh fostaíochta agus fáltais chánach.
  • Bhain easpórtálacha an leibhéal ab airde riamh amach - €110 billiún sa tríú ráithe.
  • Tháinig méadú 3.5 faoin gcéad bliain ar bhliain ar éileamh intíre mionathraithe (athróg ionadach don gheilleagar intíre)

D’fhoilsigh an POS inniu (an 13 Nollaig) na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don tríú ráithe in 2019. Ag trácht dó ar na figiúirí, dúirt an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, T.D.:

“In ainneoin gaotha suntasacha cinn, borradh domhanda atá ag moilliú agus na héiginnteachta a bhaineann le Brexit, ach go háirithe, deimhníonn figiúirí an lae inniu an móiminteam i ngeilleagar na hÉireann atá tugtha faoi deara againn i sonraí eile a scaoileadh le déanaí. Cé gur láidir go fóill do bhorradh bliantúil ar OTI, tá borradh ar ráta daingean ag teacht ar an ngeilleagar intíre, chomh maith, agus tá méadú 3.5 faoin gcéad tagtha ar éileamh intíre mionathraithe bliain ar bhliain. Tá na figiúirí seo go mór ar aon dul le réimse táscairí eile, ar nós borradh fostaíochta agus fáltais chánachais. Mar shampla, tháinig méadú 60,000 ar an leibhéal fostaíochta (+2.7 faoin gcéad), ar an meán, i gcaitheamh na chéad trí ráithe, agus bhí méadú 6.7 faoin gcéad tagtha níos déanaí ar ioncaim chánach a fhad le deireadh na Samhna 2019.

“Ar an iomlán, leanann borradh sa gheilleagar le bheith leathanbhunaithe agus cuireann na hearnálacha intíre agus ilnáisiúnta araon go mór leis. Bhain easpórtálacha an leibhéal ab airde riamh amach - €110 billiún, arb é seo an ceathrú ráithe i ndiaidh a chéile inar baineadh os cionn €100 billiún amach. Léiríonn seo athléimneacht ár samhla geilleagraí in ainneoin gaotha cinn seachtracha. Maidir le cúrsaí intíre, tháinig méadú 3.3 faoin gcéad bliain ar bhliain ar ídiú tí, thacaigh borradh ar phoist agus méaduithe ar phá leis seo, agus tháinig méadú 22 faoin gcéad ar infheistíocht i dtithíocht nua, a léiríonn méadú a bhfuil géarghá leis ar sholáthar.

Tugann luath-tháscairí borradh daingean le fios sa cheathrú ráithe, chomh maith, go háirithe i gcomhthéacs an ráta dífhostaíochta mhíosúil 4.8 faoin gcéad a cuireadh i gcuntas i Samhain. Ar an iomlán, tá feabhsúcháin leanúnacha á dtabhairt faoi deara againn ar chaighdeáin mhaireachtála.

Dar ndóigh, tugann uimhreacha borrtha an lae inniu, agus an líon is airde de phoist riamh agus ráta dífhostaíochta atá laghdaithe anuas go dtí na leibhéil a bhí i gceist roimh an gcúlú eacnamaíochta le fios go bhfuil a lánchumas bainte amach, nó beagnach bainte amach, ag an ngeilleagar. Caithfimid bheith feasach i gcónaí ar na rioscaí a bhaineann le róbhorradh sna blianta amach romhainn. Tá gá níos mó anois ann ná mar a bhí riamh roimhe seo le bainistíocht chúramach a dhéanamh ar an ngeilleagar agus ar an airgeadas poiblí. Sin ceann de na cúiseanna go bhfuil mé ag díriú ar chóimheas fiachais OIN* 85 faoin gcéad faoin mbliain 2025.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Is ionann éileamh intíre mionathraithe, athróg ionadaíoch don gheilleagar intíre, agus suim an ídithe agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil (MI) agus in aerárthaí lena ligean ar léas a áireamh. Ní chuimsítear ann, chomh maith leis sin, athruithe ar luach stoc.
  • Is ionann OIN* (ollioncam náisiúnta mionathraithe) agus tomhas ar ioncam náisiúnta nach n-áirítear líon saobhadh gaolmhar domhandaithe leis a imríonn tionchar ar chuntais náisiúnta na hÉireann, is é sin, maoin intleachtúil a aistriú ar ais ó thar lear go hÉirinn, aerárthaí a ligean ar léas agus ioncam toisce cuideachtaí poiblí teoranta a bhunaítear in Éirinn arís.
  • Meastar gurb ionann an cóimheas idir Fiachas agus OIN* agus 100 faoin gcéad don bhliain 2019.