Fáiltíonn an tAire McGrath roimh fhoilsiú an taighde ón Roinn Airgeadais ar an bhféinfhostaíocht

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire McGrath roimh fhoilsiú an taighde ón Roinn Airgeadais ar an bhféinfhostaíocht

Inniu (Dé hAoine, an 2 Feabhra), d’fhoilsigh an Roinn Airgeadais anailís a seoladh i gcomhar leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus ina scrúdaítear cinntithigh na féinfhostaíochta ar fud an timthrialla eacnamaíoch. Léirítear sna fionnachtana go n-imríonn an timthriall eacnamaíoch tionchar láidir ar an gcinneadh chun dul i mbun na féinfhostaíochta. Beidh na fionnachtana ina n-acmhainn thábhachtach maidir le bearta beartais amach anseo a bheidh dírithe ar an ngeilleagar a fhás.

Sciar substaintiúil tábhachtach den fhórsa saothair is ea daoine féinfhostaithe, agus tá siad i measc na bpríomhnithe a spreagann fás geilleagrach le himeacht ama. Tá sé tábhachtach an fhéinfhostaíocht agus na nithe a bhíonn taobh thiar di a thuiscint maidir le comhthéacs a thabhairt d’idirghabhálacha beartais atá dírithe ar an nuálaíocht a chothú agus ar an bhfostaíocht a mhéadú tríd an modh sin.

Sainaithnítear sna fionnachtana na tosca sainiúla a spreagann daoine chun dul i mbun na féinfhostaíochta agus chun scor di ag pointí difriúla den timthriall eacnamaíoch. Léirítear sa taighde go n-athraíonn comhdhéanamh na n-iontrálaithe san fhéinfhostaíocht go mór i dtreo daoine aonair a thagann chun a bheith dífhostaithe le linn cúluithe, agus gurb iad sin na cineálacha iontrálaithe a bhfuil an seans is lú ann go nuálfaidh siad. É sin ráite, bíonn ról tábhachtach ag an gcineál gníomhaíochta sin maidir le héifeachtaí ‘coilm’ a sheachaint don fhórsa saothair le linn cora chun donais.

Leis na torthaí, tacófar leis an rialtas idirghabhálacha féinfhostaíochta a cheapadh ar mhaithe le cuspóir beartais ar leith.

Ag labhairt dó faoin anailís ón Roinn, dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:

“Fáiltím roimh fhoilsiú na hanailíse seo, lena gcuirtear comhthéacs suntasach le luamháin bheartais i ndáil leis an bhfiontraíocht agus leis an bhféinfhostaíocht. An fhionnachtain á léiriú go dtagann athrú suntasach ar chomhdhéanamh na féinfhostaíochta bunaithe ar an timthriall eacnamaíoch, tá sí suntasach ón taobh eacnamaíoch de agus tugann sí comhthéacs láidir do bheartais a bhfuil mar aidhm leo feabhas a chur ar an timpeallacht fhiontraíoch ar mhaithe le fás geilleagrach fadtéarmach a mhéadú.

“Tháinig athruithe suntasacha ar gheilleagar na hÉireann le roinnt mhaith blianta anuas, agus is cinnte go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh. Tá sé mar phríomhthosaíocht ag an Rialtas tacú leis an nuálaíocht agus leis an bhfiontraíocht chun ár ngeilleagar a fhás agus chun fostaíocht nua a chruthú trí athruithe struchtúrtha amhail an t-aistriú aeráide agus an t-aistriú digiteach. Ba cheart go n-éascófaí leis an dul chun cinn teicneolaíochta tuilleadh solúbthachta agus nuálaíochta sa mhargadh saothair, lena n-áirítear i réimse na féinfhostaíochta. Leis an léargas a thugtar sa tuarascáil seo, soláthrófar ionchur luachmhar le haghaidh beartas poiblí a fhorbairt sa réimse seo.”

Nótaí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat