English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Donohoe go gcuirtear tús le Céim a Trí den Fheachtas Athraigh do Bhanc

D’fhógair an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe T.D., inniu go gcuirtear tús leis an tríú céim agus an chéim dheiridh den fheachtas Athraigh do Bhanc.

Tar éis do dhá fheachtas fógraíochta a bheith curtha ar fáil go rathúil, a chuir feasacht chun cinn maidir leis na buntáistí a bhaineann le hathrú, cuireann an chéim seo leis an obair sin trí iarracht a dhéanamh uirlisí a aithint agus a fhorbairt a thacóidh níos fearr le tomhaltóirí athrú.

Tá conradh déanta ag Aonad Taighde Iompraíochta na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) chun tionscadal taighde turgnamhach a dhéanamh a dhíreoidh ar ghnéithe iompraíochta an athraithe.

Leanfaidh suíomh gréasáin tiomnaithe de bheith ag tacú leis an bhfeachtas, www.switchyourbank.ie. Soláthraíonn an suíomh gréasáin foinse aonair inar féidir le tomhaltóirí rochtain a fháil ar fhíricí úsáideacha maidir le hathrú, lena n-áirítear treoir dhíreach céim ar chéim, naisc le huirlisí comparáide an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) agus faisnéis chabhrach chun tacú lena gcinnteoireacht.

Ag labhairt faoi fheachtas Athraigh do Bhanc, dúirt an tAire Donohoe:

“Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil tús curtha leis an obair ar an gcéim dheireanach den fheachtas fiúntach seo. Tá tús na céime seo tráthúil ag smaoineamh gur bhliain an-deacair a bhí ann do bhaincéireacht mhiondíola.

D’fhéadfadh go léireodh gné d’eacnamaíocht iompraíochta a thabhairt isteach sa chéim seo den fheachtas go mbeadh sé ina bhuntáiste moltaí níos dírithe agus níos pearsanta a thabhairt do thomhaltóirí.

Mar is gnáth, mholfainn do gach tomhaltóir an margadh is fearr a chuardach maidir le táirgí agus seirbhísí airgeadais agus comparáid a dhéanamh idir na buntáistí a bhaineann leis na cuntais reatha éagsúla atá ar fáil.”

Dúirt Ceann Aonad Taighde Iompraíochta an ESRI, an tOllamh Pete Lunn:

“Táimid ar bís tús a chur leis an tionscadal taighde nua seo. Tá sé mar aidhm againn bealaí a cheapadh chun borradh a chur faoi chinnteoireacht tomhaltóirí, agus béim á leagan ar na cinntí sin a bhfuil na hiarmhairtí airgeadais is mó acu do theaghlaigh.

Úsáidfimid eacnamaíocht iompraíochta chun uirlisí a chruthú a chuideoidh le daoine táirgí maithe airgeadais a roghnú. Déanfar na huirlisí a thástáil i dturgnaimh rialaithe a chainníochtaíonn na buntáistí. Sa dóigh seo, tá sé mar aidhm againn na bealaí is rathúla a shainaithint chun cabhrú le tomhaltóirí déileáil le castachtaí táirgí airgeadais.”

Críoch

NÓTAÍ LE hAGHAIDH TOMHALTÓIRÍ:

Tá an feachtas seo á reáchtáil ag an Roinn Airgeadais mar chuid de raon beart iomaíochta a comhaontaíodh leis an gCoimisiún Eorpach chun feasacht a mhúscailt agus athrú custaiméirí a chur chun cinn i réimse na dtáirgí airgeadais miondíola. Comhaontaíodh é sin i gcomhthéacs phleananna athstruchtúraithe an AE do AIB agus PTSB. Tá an feachtas á mhaoiniú go hiomlán ag an dá bhanc.

Tá téacs phleananna athstruchtúraithe an AE don dá bhanc ar fáil ag:

I gcomhréir le rialacha soláthair phoiblí, eisíodh iarratas ar thairiscintí de réir Chreat-Chomhaontú Ilsholáthraithe na hOifige um Sholáthar Rialtais chun Seirbhísí Taighde Margaidh agus Seirbhísí Comhairliúcháin Suirbhéanna a Sholáthar i mí Dheireadh Fómhair 2020.

An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta ab ea an fothairgeoir rathúil.

Is é seo an chéim dheireanach den fheachtas Athraigh do Bhanc, agus is éard a bhí sna céimeanna roimhe seo ná fógraí ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne le tacaíocht ó shuíomh gréasáin tiomnaithe, www.switchyourbank.ie.