English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Donohue go gceaptar an tUasal John Hogan mar Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 18 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an rialtas tar éis an tUasal John Hogan a cheapadh mar Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais.

Faoi láthair tá an tUasal Hogan ina Ard-Rúnaí Cúnta agus tá sé freagrach as an Rannán Beartas Cánach sa Roinn Airgeadais. Roimhe seo bhí sé ina Ard-Rúnaí Cúnta agus bhí freagrachtaí air maidir le Beartas Baincéireachta sa Rannán Seirbhísí Airgeadais sa Roinn. Le linn a ghairmréim, d'oibríodh an tUasal Hogan i Ranna éagsúla an rialtais agus chaith sé cúpla bliain sa mBruiséil mar Chomhairleoir Seirbhísí Airgeadais i mBuanionadaíocht na hÉireann don Aontas Eorpach.

Dúirt an tAire Donohoe:

"Táim lán sásta a fhógairt gur cheap an rialtas John Hogan ina Ard-Rúnaí sa Roinn Airgeadais agus is ról thábhachtach é seo. Bhí an roinn seo lárnach i bhfreagairt an rialtais mar gheall ar Covid-19 agus beidh ról fíor-thábhachtach aici sa téarnamh eacnamaíoch amach anseo. Tá taithí fhairsing ag John agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leis amach anseo.

Tosóidh an tUasal Hogan ag obair ar an bpost seo ar an 8 Bealtaine agus beidh seisean an t-ochtú ceannaire dhéag ó bhunaíodh é i 1922

Nótaí

Is é an post Ard-Rúnaí sa Roinn Airgeadais Leibhéal I. Ní thagann sé faoi réimse freagrachta sochrúcháin TLAC agus tá ceapúchán an phoist faoi chúram an rialtais. Sula dtógann an Rialtas an cinneadh mar gheall ar an gceapúchán seo, breathnaítear ar na hoifigigh chuí go léir sa státseirbhís.