English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McGrath aistriú €4 billiún chuig an gCúlchiste Náisiúnta

Inniu (Dé Máirt), d’fhógair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, go ndearnadh aistriú €4 billiún ó Phríomh-Chiste an Státchiste chuig an gCúlchiste Náisiúnta.

Rinneadh an t-aistriú sin tar éis don Dáil rún a thug an tAire Airgeadais chun cinn ar oíche an Bhuiséid Dé Máirt an 27 Meán Fómhair 2022 a cheadú.

D’fhormhuinigh an Roinn Airgeadais an cur chuige i leith an cúlchiste a chaipitliú san anailís uaithi dar teideal “An Riosca a bhaineann leis an Airgeadas Poiblí a Laghdú – Measúnú a Dhéanamh ar Fháltais ó Cháin Chorparáide”, rud a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2022. Bhí Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann agus gach institiúid eile a thugann comhairle eacnamaíoch don Rialtas i bhfách leis an gcur chuige sin freisin.

Fágann an t-aistriú a rinneadh inniu go bhfuil €6 billiún aistrithe chuig an gCúlchiste Náisiúnta anois. Is é an toradh atá ar an gcinneadh chun an Ciste a athlíonadh agus a dhaingniú tuilleadh tar éis €1.5 billiún a thógáil amach as an gCiste i mí Dheireadh Fómhair 2020 i dtreo fhreagairt an rialtais don phaindéim ná go gcuirtear lena athléimní atá an t-airgeadas poiblí agus go gcuirtear ar chumas an Stáit déileáil le géarchéimeanna amach anseo.

Ag labhairt dó faoin aistriú, dúirt an tAire McGrath:

“Ar lá an Bhuiséid, gheall an rialtas acmhainní breise a chur i leataobh ó fháltais iomarcacha ó cháin chorparáide chun an t-airgeadas poiblí a ullmhú do dhúshláin amach anseo. Tráth an ghealltanais sin, soláthraíodh tacaíocht eacnamaíoch ab fhiú breis agus €11 billiún do theaghlaigh agus gnólachtaí i mBuiséad 2023 chun cabhrú le daoine aonair, teaghlaigh agus gnólachtaí déileáil leis an méadú sa chostas maireachtála.

“Cé gur ghníomhaíomar chun déileáil leis an dúshlán láithreach sin, ní mór dúinn bheith ullmhaithe do chostais amach anseo, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bheidh ag an daonra atá ag aosú, ag an aistriú digiteach agus ag an athrú aeráide. Is eol dúinn, mar gheall ar na heachtraí a thit amach le déanaí, nach mór dúinn bheith ullmhaithe do dhúshláin neamhthuartha freisin, a bhíonn ag teacht chun cinn níos minice agus a bhíonn ag imirt tionchar méadaitheach.

“Céim thábhachtach san ullmhúchán sin is ea an t-aistriú €4 billiún a rinneadh chuig an gCúlchiste Náisiúnta inniu. Tagann an t-aistriú sin sna sála ar an aistriú €2 billiún a rinneadh sa bhliain 2022 agus fágann sé gur aistríodh €6 billiún san iomlán chuig an gCiste ó oíche an Bhuiséid 2022 i leith. Mar sin, beidh cumas neartaithe ag an gCúlchiste Náisiúnta freagairt don chineál dúshlán neamhthuartha ar lena aghaidh a bunaíodh an Ciste sa bhliain 2019.”


Nótaí

Tosaíodh an tAcht um Barrachas Náisiúnta (Cúlchiste le haghaidh Teagmhais Eisceachtúla), 2019, an 31 Deireadh Fómhair 2019.

Ba leis an Acht sin a bunaíodh Cúlchiste an Bharrachais Náisiúnta (Teagmhais Eisceachtúla).

Aistríodh €1.5 billiún ón gCiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn chuig an gCiste an 15 Samhain 2019 ansin. De réir alt 5(2) den Acht um Barrachas Náisiúnta (Cúlchiste le haghaidh Teagmhais Eisceachtúla), 2019, déanfaidh an tAire, as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis, €500,000,000 a íoc isteach i gCúlchiste an Bharrachais Náisiúnta (Teagmhais Eisceachtúla) i ngach ceann de na blianta, 2019, 2020, 2021, 2022 agus 2023. Ní dhearnadh aon aistrithe den sórt sin idir na blianta 2019 agus 2021.

Faoi alt 5(4) den Acht, féadfaidh an tAire Airgeadais, in aon bhliain ar leith, togra a thabhairt os comhair na Dála chun cead a fháil íocaíocht de shuim shonraithe a dhéanamh as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis isteach sa Chiste.

Mar fhreagairt don togra ón Aire, féadfaidh Dáil Éireann rún a rith ansin lena n-údarófar don Aire an méid forordaithe a íoc isteach sa Chiste don bhliain sin.

Dé Máirt an 27 Meán Fómhair 2022, cheadaigh an Dáil an rún ón Aire Airgeadais faoi alt 5(4) den Acht um Barrachas Náisiúnta (Cúlchiste le haghaidh Teagmhais Eisceachtúla), 2019, chun €1.5 billiún agus €3.5 billiún a aistriú isteach i gCúlchiste an Bharrachais Náisiúnta (Teagmhais Eisceachtúla), ar a dtugtar an ‘Cúlchiste Náisiúnta’ freisin, sa bhliain 2022 agus sa bhliain 2023 faoi seach.

Tá an t-aistriú sin ag teacht leis an moladh atá leagtha amach sa pháipéar eacnamaíoch ón Roinn Airgeadais dar teideal “An Riosca a bhaineann leis an Airgeadas Poiblí a Laghdú – Measúnú a Dhéanamh ar Fháltais ó Cháin Chorparáide”, rud a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2022. Aimsigh an tuarascáil anseo: An Riosca a bhaineann leis an Airgeadas Poiblí a Laghdú – Measúnú a Dhéanamh ar Fháltais ó Cháin Chorparáide.

Fágann an t-aistriú a rinneadh inniu go bhfuair an Cúlchiste Náisiúnta aistrithe dar luach iomlán €6 billiún ó oíche an Bhuiséid 2022 i leith. Is é an toradh atá ar an gcinneadh chun an Ciste a athlíonadh tar éis €1.5 billiún a thógáil amach as an gCiste i mí Dheireadh Fómhair 2020 i dtreo fhreagairt an rialtais don phaindéim ná go gcuirtear lena athléimní atá an t-airgeadas poiblí agus go gcuirtear ar chumas an Stáit déileáil le géarchéimeanna agus dúshláin amach anseo.

Mar aon leis an méid a ceadaíodh faoi alt 5(4) thuas, foráiltear le halt 5(2) d’Acht 2019 do €500 milliún a aistriú isteach sa Chiste sa bhliain 2022 agus sa bhliain 2023 araon freisin.

Tar éis ceadú a fháil ón Dáil, ba an 1 Samhain 2022 a rinneadh an t-aistriú €2 billiún (€1.5 billiún móide €0.5 billiún) don bhliain 2022 chuig an gCúlchiste Náisiúnta.

Rinneadh amhlaidh tar éis d’Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an foréileamh riachtanach ar chreidmheas €4 billiún (€3.5 billiún móide an t-aistriú €0.5 billiún dá dtagraítear thuas) a chomhaontú chun go bhféadfaí an t-aistriú ó Phríomh-Chiste an Státchiste don bhliain 2023 chuig an gCúlchiste Náisiúnta a dhéanamh.