English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McGrath ráta nialais de CBL ar fhearais tástála COVID-19

Tá sé fógartha ag Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu (Dé Sathairn an 21 Eanáir) go gcuirfear ráta nialais de cháin bhreisluacha (CBL) i bhfeidhm ar sholáthairtí fhearais tástála COVID-19 ar bhonn leanúnach le héifeacht láithreach. Bhí na fearais sin faoi réir ráta nialais sealadach suas go dtí an 31 Nollaig 2022 mar thoradh ar mhaolú ó Choimisiún an Aontais Eorpaigh.

Cé go n-aithníonn sé an rath a bhí ar chlár vacsaínithe an rialtais, tá an cur chuige sin á ghlacadh ag an Aire toisc go gcreideann sé go bhfuil sé tábhachtach leanúint le ráta nialais de CBL a chur i bhfeidhm ar fhearais tástála COVID-19 mar gheall ar leathadh leanúnach an víris sin agus ar na tionchair shuntasacha a imríonn sé ar an gcóras cúram sláinte.

Cuirfear an ráta nialais sin ar fhearais tástála COVID-19 ar bhonn reachtach a luaithe is féidir. Idir an dá linn, áfach, chomhaontaigh na Coimisinéirí Ioncaim an ráta a oibriú ar bhonn riaracháin láithreach.

Dúirt an tAire McGrath:

“Creidim gur saincheist thábhachtach é seo, toisc go bhfuil fearais tástála COVID-19 ar cheann amháin de na huirlisí atá ar fáil sa chomhrac in aghaidh an víris, a bhíonn á leathadh ar leibhéil shuntasacha go fóill. I mo thuairim, ba cheart an costas ar fhearais tástála den sórt sin a choinneáil ar an leibhéal is ísle is féidir, agus is sa chomhthéacs sin atáim ag cur ráta nialais de CBL i bhfeidhm ar na táirgí sin le héifeacht láithreach.”