English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faigheann an tAire McGrath ceadú ón Dáil chun athruithe cánach a dhéanamh chun cabhrú leis an gcostas maireachtála

Fuair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, ceadú ó Dháil Éireann anocht (Dé Céadaoin) chun éifeacht láithreach a thabhairt do roinnt de na bearta cánachais a d’fhógair an Rialtas inné chun cabhrú le teaghlaigh agus gnólachtaí déileáil le hardphraghsanna fuinnimh agus le dúshláin costas maireachtála.

Leag an tAire trí Rún Airgeadais faoi bhráid na Dála chun éifeacht a thabhairt do na hathruithe ar Cháin Bhreisluacha (CBL) agus ar Dhleacht Mháil. Thug sé Rún isteach freisin chun leasuithe a dhéanamh, le hOrdú ón Aire, ar an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí, mar a fhoráiltear san Acht Airgeadais, 2022.

Sna seachtainí atá romhainn, tabharfaidh an tAire Bille Airgeadais isteach chun éifeacht dhlíthiúil iomlán a thabhairt do na bearta cánachais a fógraíodh inné.

Ag labhairt dó um thráthnóna, dúirt an tAire McGrath:

“Tuigim go maith gur fíordhúshlán do chuid mhór daoine atá san ardchostas maireachtála agus, go háirithe, sna hardbhillí fuinnimh. Thug an rialtas tacaíocht gan fasach cheana féin chun cabhrú le daoine aonair, le teaghlaigh agus le gnólachtaí agus chuamar níos faide fós an tseachtain seo chun tuilleadh cabhrach a thabhairt ar feadh na míonna atá romhainn.

“Tá éifeacht dhlíthiúil anois leis na hathruithe ar na gnéithe CBL agus dleachta máil den phacáiste a fógraíodh inné, agus tabharfar Bille Airgeadais isteach sna seachtainí atá romhainn chun plé leis na gnéithe cánach atá fágtha.

“A bhuí leis na bearta sin, agus leis an tacaíocht a fógraíodh cheana féin i mBuiséad 2023, cabhrófar le saoránaigh déileáil leis an gcostas maireachtála agus cabhrófar le gnólachtaí déileáil leis an gcostas a bhaineann le gnó a dhéanamh. Tá an rialtas in ann cabhair a thabhairt mar gheall ar an mbainistiú cúramach a rinneadh ar ár n-airgeadas poiblí le blianta beaga anuas. Is é an fhreagracht atá orm leanúint lenár n-airgeadas poiblí a bhainistiú go héifeachtach, an úsáid is fearr a bhaint as airgead cáiníocóirí, agus sinn a chumasú tuilleadh a dhéanamh i mBuiséad 2024 san fhómhar.”

Maidir leis na Rúin Airgeadais, foráladh le Rún ar dtús don laghdú sealadach, ó 13.5% go 9%, i CBL ar ghás agus leictreachas a fhadú go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

Foráladh le Rún eile don laghdú sealadach, ó 13.5% go 9%, i CBL ar Thurasóireacht agus Fáilteachas a fhadú go dtí an 31 Lúnasa 2023.

Maidir le dleacht bhreosla, bhí na laghduithe reatha seo a leanas sa phraghas in aghaidh an lítir, CBL san áireamh, le dul in éag an 28 Feabhra: 21 cent i leith peitril; 16 cent i leith díosail; agus 5.4 cent i leith Ola Gháis Mharcáilte. Leis an Rún Airgeadais, fadaíodh na laghduithe sin go dtí an 31 Bealtaine 2023 agus foráladh do na rátaí iomlána a aisiriú ar bhonn incriminteach faoin 31 Deireadh Fómhair 2023 mar a leanas:

  • 1 Meitheamh - méadóidh rátaí faoi 6 cent i leith peitril, faoi 5 cent i leith díosail agus faoi 1 cent i leith ola gháis mharcáilte (gach figiúr in aghaidh an lítir)
  • 1 Meán Fómhair - méadóidh rátaí faoi 7 cent i leith peitril, faoi 5 cent i leith díosail agus faoi 1 cent i leith ola gháis mharcáilte (gach figiúr in aghaidh an lítir)
  • 31 Deireadh Fómhair - déanfar rátaí a aisiriú ina n-iomláine, agus beidh méadú 8 cent ann i leith peitril, beidh méadú 6 cent ann i leith díosail agus beidh méadú 3.4 cent ann i leith ola gháis mharcáilte (gach figiúr in aghaidh an lítir)

Tugadh an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí isteach chun tacú le gnólachtaí cáilitheacha déileáil leis na méaduithe i gcostais leictreachais agus gháis nádúrtha a tháinig as ionradh na Rúise ar an Úcráin thar mhíonna an gheimhridh.

Is le hailt 100 go 102 den Acht Airgeadais, 2022, a sholáthraítear an bunús reachtach don scéim. Leis an scéim, soláthraítear tacaíocht do ghnólachtaí cáilitheacha i leith costais fuinnimh a bhaineann leis an tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 28 Feabhra 2023, faoi réir uasteorainneacha míosúla.

Tá an scéim ar fáil do ghnólachtaí incháilithe a bhíonn ag comhlíonadh a gceanglas cánach, a bhíonn ag seoladh ceirde nó gairme agus a bhféadfar cáin a ghearradh ar a mbrabús faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D. Feidhmítear an scéim ar bhonn féinmheasúnaithe, agus í á riar ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Chun go bhféadfar leanúint den scéim, feidhmeoidh an tAire Airgeadais an chumhacht atá leagtha amach in alt 100 den Acht Airgeadais, 2022, chun an scéim a fhadú go dtí an 30 Aibreán 2023. Feidhmeoidh an tAire freisin an chumhacht chun an teorainn mhíosúil ar chabhair faoin scéim a mhéadú go €15,000 in aghaidh an ghnólachta cháilithigh i ndáil le ceird nó gairm ón 1 Márta, faoi réir uasteorainn fhoriomlán €45,000 i gcásanna ina seoltar gnó ó níos mó ná láthair amháin.

Mar aon leis na cumhachtaí atá leagtha amach in alt 100 a fheidhmiú, tá sé beartaithe ag an Aire roinnt leasuithe eile a dhéanamh ar an scéim, mar a fógraíodh inné. Beidh ceadú Státchabhrach ag teastáil chun na hathruithe sin a dhéanamh agus, faoi réir an ceadú sin a fháil, forálfar dóibh sa Bhille Airgeadais atá le teacht. Is iad seo a leanas na hathruithe breise a fógraíodh inné:

  • fadófar an Scéim go dtí an 31 Bealtaine 2023
  • laghdófar an tairseach cáiliúcháin ó mhéadú 50% i gcostais leictreachais nó gháis go méadú 30% i gcostais leictreachais nó gháis (rud a mbeidh feidhm chúlghabhálach aige ón 1 Meán Fómhair 2022)
  • ón 1 Márta 2023, méadófar an leibhéal faoisimh ó 40% de chostais incháilithe go 50% de chostais incháilithe

Féadfar leanúint le héilimh a dhéanamh faoin scéim reatha ar feitheamh chur chun feidhme na n-athruithe sin.