Foilsíonn an tAire Donohoe an Bille Airgeadais (An Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus an Ciste Réitigh Aonair)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Donohoe an Bille Airgeadais (An Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus an Ciste Réitigh Aonair)

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 1 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an Bille Airgeadais (An Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus an Ciste Réitigh Aonair), 2021 á fhoilsiú inniu ag an Aire Airgeadais, Paschal Donohoe TD.

Lorgaíonn an Bille formheas ón Oireachtas chun comhaontuithe leasaitheacha a dhaingniú leis an gConradh maidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) agus leis an gComhaontú Idir-Rialtasach (CIR) maidir leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA).

Ceanglaítear ar gach Ballstát den limistéar euro an dá chomhaontú leasaitheacha a dhaingniú chun comhaontú an Ghrúpa Euro a chur chun feidhme, ó mhí na Samhna 2020, i ndáil le hathchóiriú Chonradh SCE agus tabhairt isteach an Chúlstop Choitinn do CRA, dhá bhliain roimh an sprioc.

Tugtar aghaidh i gcomhaontú an Ghrúpa Euro ar bhearna ríthábhachtach san Aontas Baincéireachta trí chumhacht a thabhairt do SCE gníomhú mar chúlstop coiteann do CRA, ó mhí Eanáir 2022. Ina theannta sin, déanann an comhaontú ionstraimí cúnaimh airgeadais réamhchúraim SCE a fhorbairt tuilleadh agus feabhsaíonn sé éifeachtacht oibríochtúil na hinstitiúide.

Tá gealltanas tugtha ag Ballstáit den Limistéir Euro na nósanna imeachta daingniúcháin atá acu faoi seach a chur i gcrích faoi dheireadh 2021 chun go bhféadfaidh na comhaontuithe leasaitheacha a bhaineann le Conradh SCE agus le CIR CRA teacht i bhfeidhm ag tús na bliana seo chugainn.

Ag labhairt faoi fhoilsiú an Bhille, dúirt an tAire Donohoe:

“Cuirim fáilte roimh fhoilsiú an Bhille seo agus táim ag tnúth le bheith páirteach inár nós imeachta daingniúcháin náisiúnta san Oireachtas. Is céim ríthábhachtach é an t-athchóiriú ar Chonradh SCE, a síníodh i mí Eanáir, chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú agus cuireann sé seo go mór lenár n-iarrachtaí tacú leis an téarnamh geilleagrach. Cuirfidh sé borradh faoin muinín as cumas an Limistéir Euro géarchéimeanna a mhaolú sula n-éireoidh siad níos measa”.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat