Foilsíonn an tAire Donohoe measúnachtaí faoin Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Donohoe measúnachtaí faoin Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta

D'fhoilsigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD inniu (Céadaoin) na measúnachtaí a d'fhuair sé go dtí seo mar gheall ar cheisteanna a ghabhann leis an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF), i gcomhlíonadh na hobleagáide dleachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an scéim mar a leagtar amach in Alt 28B den Acht um Bearta éigeandála ar mhaithe le leas an phobail (Covid-19) 2020.

Is gné lárnach an SFPF de fhreagairt an rialtais chun dul i ngleic leis an bpaindéim Covid-19 chun tacaiocht a thabhairt do chomhlachtaí, cuidiú le fostaíocht agus cuidiú an nasc a choimeád idir fhostóirí agus a gcuid fostaithe. Go dtí seo, deonaíodh níos mó ná €2.3 billiún agus creidmheasanna ÁSPC de thart ar €400 milliún ar níos mó ná 48,000 fostóirí i leith thart ar 541,000 fostaithe.

Sna mheasúnachtaí seo, déantar anailís ar na sonraí a bhaineann le glacadh na scéime, agus tugtar faoi deara go bhfuil rannpháirtíocht an SFPF fós ard, i mí Éanair, rinne ceathrú de na fostóirí go léir éileamh ar an scéim i ndáil le 15% de na fostaithe go léir an mhí sin.

Tá sé de chuspóír ag an SFPF tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí inmharthana agus fostaíocht a spreagadh, mar sin déantar machnamh ar an mbealach a gníomhaíonn an SFPF mar nasc idir na sochair Leasa Shóisialaigh cosúil leis an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) agus fostaíocht rialta arb é an chuspóir deiridh.

Dúirt an tAire Donohoe agus é ag tagairt don bhfoilsiúchán:

"Bhíothas mar aidhm ag an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta a bheith freagrúil do theacht chun cinn na paindéime Covid-19 a d'fhéadfadh a athrú go sciobtha, agus a bheith curtha in oiriúint de réir mar a leathnófar amach an Plean Téarnaimh agus Seasmhachta Covid-19 - An tSlí Rómhainn.

Beidh ról tábhachtach ag an scéim chun daoine a chur ar ais ag obair nuair a mhaolófar na srianta poiblí, mar sin laghdófar an méid daoine a bhraitheann ar shocair leasa shóisialaigh thar ama, lena n-áirítear an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime.

Tugtar aird chuí ar an bhfíoras go mbeidh gá ar thacaíocht leanúnach a thabhairt go dtí deireadh 2021 chun cuidiú le comhlachtaí inmharthana agus fostaíocht agus chun cinnteacht a sholáthar do chomhlachtaí a oiread is féidir. Nuair a bheartófar an cineál tacaíochta, cuirfí san áireamh na hathruithe ar imthosca agus cúinsí eacnamaíochta de réir mar a eireoidh siad níos soléire.

Is iomchuí dá bhri sin go leantar an SFPF ar aghaidh a bheith faoi mhonaiteoireacht sna seachtainí agus míonn atá romhainn agus beidh tionchar ag a leithéid d'anailís ar an gcinneadh faoi thodhchaí na scéime i ndiaidh mhí an Mheithimh 2021.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat