English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire McGrath Tuarascáil Bhliantúil ar Fhiachas Poiblí in Éirinn

  • mhéadaigh fiachas poiblí go €226 billiún ag deireadh na bliana 2022 – suas ó €203 billiún díreach roimh an bpaindéim
  • meastar an figiúr sin a bheith cothrom le 86 faoin gcéad d’ioncam náisiúnta, nó le thart ar €44,000 do gach duine sa tír, agus é ar cheann amháin de na hualaí fiachais is airde per capita ar domhan

D’fhoilsigh an tAire Airgeadais an séú measúnú bliantúil óna roinn ar fhéichiúnas poiblí inniu, rud dar teideal Tuarascáil Bhliantúil ar Fhiachas Poiblí in Éirinn 2022. Ullmhaítear an Tuarascáil chun anailís a dhéanamh ar na príomhthreochtaí i bhfiachas poiblí na hÉireann.

Is é an phríomhtheachtaireacht ón tuarascáil ná go bhfuil an leibhéal féichiúnais fós ard, beag beann ar an gcóimheas idir fiachas agus ioncam a bheith ar chonair anuas anois. Tá rioscaí suntasacha ann don airgeadas poiblí, áit a mbíonn dúshláin láithreacha agus mheántéarmacha araon ag cur brú ar staid fhioscach an stáit agus ar leochaileacht shoiléir é ár spleáchas ar fháltais ó cháin chorparáide. Leagann sé sin tuilleadh béime ar an ngá atá ann leis an bhfiachas náisiúnta a bhainistiú ar bhealach stuama, á chinntiú go mbeidh an t-airgeadas poiblí i riocht láidir chun na dúshláin sin a sheasamh.

Ag labhairt dó faoin anailís atá leagtha amach sa Tuarascáil, dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:

“San anailís a d’fhoilsigh mo roinn inniu, tarraingítear aird ar na rioscaí atá roimh ár n-airgeadas poiblí anois, ag teacht sna sála ar an méadú dosheachanta i bhféichiúnas poiblí le linn na paindéime. Mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin agus ar an suaitheadh gaolmhar ar phraghsanna fuinnimh, tháinig géarchéim costas maireachtála chun cinn agus cuireadh brú athnuaite ar staid fhioscach an Stáit.

“Táimid ag déileáil leis na dúshláin sin agus leibhéil mhéadaithe fiachais orainn; tá ag Éirinn go fóill ceann amháin de na cóimheasa fiachais is airde per capita sa domhan forbartha.

“A bhuí le roinnt gnéithe struchtúrtha d’fhiachas na hÉireann, áit a bhfuil praghsanna seasta agus aibíochtaí measartha fada ag baint leis an gcuid is mó den fhiachas, cosnaítear sinn go pointe éigin ar an timpeallacht athraitheach ráta úis a tháinig as na suaití sin. Ina ainneoin sin, is dóigh go mbeidh méadú ann i gcostais seirbhísithe fiachais, arb é an chéad ghlaoch ar an airgeadas poiblí é, mar thoradh ar ár bhfiachas reatha a athmhaoiniú sa mheántéarma.

“Agus sinn ag féachaint chun cinn, is eol don Rialtas freisin na mórdhúshláin atá i ndán dúinn. Forchuirfear costais mhóra ar an airgeadas poiblí mar gheall ar an ngá atá ann le plean uaillmhianach bonneagair a mhaoiniú, mar gheall ar athruithe déimeagrafacha agus mar gheall ar ghníomhaíocht gheilleagrach a aistriú chuig neodracht carbóin.

“Ina theannta sin, tá an t-airgeadas poiblí leochaileach i leith suaitheadh ar fháltais ó cháin chorparáide agus i leith suaitheadh ar an earnáil cuideachtaí ilnáisiúnta in Éirinn i gcoitinne, rud a d’fhéadfadh easnamh an-mhór a chruthú.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an t-airgeadas poiblí réidh le déileáil leis na dúshláin sin. Leagtar béim sa tuarascáil seo ar an ngá atá ann le fiachas a bhainistiú ar bhealach stuama agus lenár maoláin fhioscacha a atógáil. Tá an Rialtas tiomanta do gheilleagar dinimiciúil inbhuanaithe a chothú, á chinntiú ag an am céanna gur féidir linn na dúshláin fhioscacha atá romhainn a shárú.”


Nótaí

Is é seo an séú measúnú bliantúil ón roinn ar dhinimic an fhiachais phoiblí.

Tá na réamh-mheastacháin sa Tuarascáil bunaithe ar na réamhaisnéisí a rinne an roinn i bhfómhar na bliana 2022. Mar gheall ar an staid fhioscach ag deireadh na bliana a bheith níos fearr ná mar a bhíothas ag súil leis, déantar talamh slán de go dtiocfaidh méadú ar shócmhainní airgeadais an Stáit agus, dá bhrí sin, go dtiocfaidh laghdú ar ghlanleibhéil fiachais i gcoibhneas le réamh-mheastacháin Bhuiséad 2023.