Freastalaíonn an tAire Donohoe ar chuairt láithreáin HBFI i Radharc an Chaisleáin, An Muclach, Co. Uíbh Fhailí
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thaistil an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go Muclach i gContae Uíbh Fhailí Dé Luain an 16 Bealtaine, chun cuairt láithreáin a dhéanamh ar scéim tithíochta sóisialta de chuid Maoiniú Tógála Tithíochta Éireann ("HBFI").
Thóg Hanney Properties Limited an fhorbairt i Radharc an Chaisleáin, An Muclach, le maoiniú curtha ar fáil ag Maoiniú Tógála Tithíochta Éireann. Fuair Hanney Properties Limited conradh chun an scéim iomlán a dhíol le Comhairle Contae Uíbh Fhailí.
Tá an fhorbairt, ina bhfuil ocht dteach dhá/trí sheomra leapa, críochnaithe le déanaí agus tá sí réidh anois le haghaidh aistrithe chuig Comhairle Contae Uíbh Fhailí, a bhfuiltear ag súil leis sna seachtainí amach romhainn.
Tagann an fhorbairt ocht n-aonad faoi phríomhthairiscint táirgí Maoiniú Tógála Tithíochta Éireann chun forbairt chónaithe a mhaoiniú.
Tugann Tithíocht do Chách breac-chuntas ar na príomhthosaíochtaí lena chinntiú go soláthraítear 33,000 teach in aghaidh na bliana idir seo agus deireadh 2030. Ceann de na tosaíochtaí seo is ea
a chinntiú go bhfuil dóthain airgeadais ar fáil do thógálaithe tithe ar fud na hÉireann. Is é ról Maoiniú Tógála Tithíochta Éireann iasachtaí a sholáthar go díreach do thógálaithe tithe chun tithe nua a thógáil d’úinéirí-áititheoirí, cíosóirí agus tithíocht shóisialta.
Go dtí Márta 2022, cheadaigh Maoiniú Tógála Tithíochta Éireann €1,129m ar fud 81 tionscadal i 20 contae. Tacóidh an maoiniú seo le 4,920 teach nua a thógáil.