Freastalaíonn an tAire McGrath ar chruinnithe neamhfhoirmiúla den Ghrúpa Euro agus de ECOFIN
- Foilsithe: 14 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Taistealóidh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, go Santiago de Compostela sa Spáinn* inniu (Déardaoin, an 14 Meán Fómhair) chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag na cruinnithe neamhfhoirmiúla den Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) agus den Ghrúpa Euro Dé hAoine agus Dé Sathairn.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire McGrath:
“Ag na cruinnithe neamhfhoirmiúla seo a thionóltar dhá uair sa bhliain, tugtar deis dom féin agus do mo chomhghleacaithe Aireachta ag ECOFIN agus ag an nGrúpa Euro machnamh a dhéanamh ar fheidhmíocht an gheilleagair Eorpaigh agus seasamh siar agus féachaint ar shaincheisteanna straitéiseacha éagsúla atá ríthábhachtach dár saoránaigh. Cuirim fáilte ar leith roimh an deis chun tuilleadh caidrimh a dhéanamh le comhghleacaithe Aireachta ó réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib.”
Cuirfear tús leis na cruinnithe maidin Dé hAoine an 15 Meán Fómhair, tráth a thionólfar cruinniú neamhfhoirmiúil den Ghrúpa Euro. Cluinfidh na hAirí den limistéar euro ó oifigigh ón gCoimisiún Eorpach maidir leis na forbairtí maicreacnamaíocha is déanaí agus cluinfidh siad ón mBanc Ceannais Eorpach maidir leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí. Déanfar plé ansin ar an iarrthóir a cuireadh chun tosaigh chun áit an chomhalta atá ag imeacht ó bhord feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ghlacadh. Ar deireadh, déanfaidh na hAirí machnamh ar an dul chun cinn a rinneadh ar phróiseas daingniúcháin conarthaí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh agus ar obair theicniúil leanúnach an tSásra.
Cuirfear tús leis an gcruinniú de ECOFIN tráthnóna Dé hAoine, tráth a thionólfar cruinniú comhpháirteach le hAirí agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta ó réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib.
Beidh an chéad seisiún oibre idir Airí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais Eorpaigh agus a macasamhlacha ó Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) ar chlár oibre infheistíochta na Tairsí Domhanda.** Sa dara seisiún, féachfaidh na hAirí ar staid reatha an líontáin dhomhanda sábhála airgeadais.
Dé Sathairn an 16 Meán Fómhair, déanfaidh Airí Airgeadais agus gobharnóirí bainc ceannais an Aontais Eorpaigh*** plé ar an idirghníomhaíocht idir an beartas fioscach agus an beartas airgeadaíochta agus ar an dóigh ar féidir leis an dá bheartas aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí agus dúshláin reatha agus amach anseo.
Le linn an tseisiúin oibre deiridh, déanfaidh an tAire McGrath agus a chomhghleacaithe Aireachta plé ar choincheap na huathrialach straitéisí, go háirithe aghaidh a thabhairt ar an idirghníomhaíocht idir comhtháthú airgeadais Eorpach, slándáil eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh agus earraí poiblí Eorpacha.
- Nóta: Déanann Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí uainíocht idir na Ballstáit den Aontas Eorpach gach sé mhí. Cé go leantar le formhór na gCruinnithe den Chomhairle a thionól sa Bhruiséil, óstálann gach Uachtaránacht tacar cruinnithe amháin ina dtír féin – tugtar ‘cruinnithe neamhfhoirmiúla’ ar na cruinnithe sin. Ós rud é go sealbhaíonn an Spáinn an Uachtaránacht faoi láthair, beidh na cruinnithe neamhfhoirmiúla de ECOFIN agus den Ghrúpa Euro ar siúl in Santiago de Compostela.
**Is ionann Clár Oibre Infheistíochta Tairsí Domhanda AE-MLC agus gealltanas polaitiúil a thug an tAontas Eorpach agus tíortha Mheiriceá Laidinigh chun obair le chéile ar mhaithe le deiseanna infheistíochta glaise agus digití a shainaithint i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib. https://international-partnerships.ec.europa.eu/policies/global-gateway/eu-lac-global-gateway-investment-agenda_en
***Beidh Gabriel Makhlouf, Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, i láthair.