English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Glacann Éire le Comhaontú Cánach Idirnáisiúnta ECFE

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 7 Deireadh Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Tabharfaidh an comhaontú suntasach aghaidh ar dhúshláin chánach dhomhanda an digitithe
  • Íosráta cánach corparáide éifeachtach domhanda de 15% do chuideachtaí ilnáisiúnta a bhfuil ioncam os cionn €750 milliún acu
  • Gan aon athrú ar an ráta 12.5% do ghnólachtaí a bhfuil ioncam faoi bhun €750 milliún acu
  • Creat Cuimsitheach ECFE le teacht le chéile Dé hAoine chun an ráiteas agus an plean feidhmithe a chomhaontú

Tá cead faighte ag an Aire Airgeadais, Paschal Donohoe, inniu (Déardaoin) dul isteach i gcomhaontú idirnáisiúnta chun na rialacha cánach idirnáisiúnta a athchóiriú, rud a thabharfaidh aghaidh ar na dúshláin a eascraíonn as digitiú an gheilleagair dhomhanda.

Ag labhairt tar éis chruinniú Comh-Aireachta an lae inniu, d’fháiltigh an tAire Donohoe roimh an gcinneadh,

‘Tá cead tugtha ag an Rialtas inniu d’Éirinn clárú leis an gcomhaontú polaitiúil ag Creat Cuimsitheach ECFE maidir le creat cánach nua chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chánach an digitithe.’

Tá dhá chroíchoincheap leis an gcomhaontú seo. I gcroíchoincheap 1, déanfar cion brabús a athdháileadh ar dhlínse an tomhaltóra. I gcroíchoincheap 2, glacfar le híosráta cánach éifeachtach domhanda nua a bhainfidh le cuideachtaí ilnáisiúnta a bhfuil ioncam domhanda os cionn €750m acu

Is céim thábhachtach é an comhaontú chun réiteach a fháil ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn mar thoradh ar dhigitiú an gheilleagair, nuair a bhí an creat cánach idirnáisiúnta ag streachailt chun freastal ar shamhlacha gnó a bhí ag teacht chun cinn d’fhiontair mhóra ilnáisiúnta.

Soiléireacht

Tá an comhaontú atá le plé amárach ag Creat Cuimsitheach ECFE nuashonraithe chun soiléireacht bhreise a chur ar fáil, rud a chuir cosc ar Éirinn dul isteach sa chomhaontú i mí Iúil. Tá an t-íosráta cánach éifeachtach ‘15% ar a laghad’, arb saincheist oscailte é, socraithe go ráta beacht de 15% agus thug an tAire Donohoe dá aire an tábhacht a bhaineann leis an bhforbairt seo d’Éirinn,

“Forálann an gcomhaontú gurb é 15% an t-íosráta éifeachtach do chuideachtaí ilnáisiúnta a bhfuil ioncam bliantúil os cionn €750 milliún acu. Táimid tar éis a chinntiú go mbainfí ‘ar a laghad’ den téacs. Cuirfidh sé seo cinnteacht chriticiúil ar fáil don Rialtas agus don tionscal agus cuirfidh sé cobhsaíocht agus cinnteacht fhadtéarmach ar fáil do ghnó i gcomhthéacs cinntí infheistíochta.

Bainfidh an ráta 15% seo le 56 cuideachta ilnáisiúnta Éireannach a fhostaíonn thart ar 100,000 duine agus le 1500 FIN faoi úinéireacht eachtrach lonnaithe in Éirinn a fhostaíonn thart ar 400,000 duine.

Ina theannta sin, beidh formhór mór na ngnólachtaí in Éirinn lasmuigh de raon feidhme an chomhaontaithe seo, agus ní thiocfaidh aon athrú ar a ráta cánach corparáide. Tá sé sin tábhachtach don gheilleagar intíre agus do na mílte FBM a oibríonn anseo.

I gcás os cionn 160,000 gnólacht in Éirinn a bhfuil láimhdeachas níos lú ná €750 milliún in aghaidh na bliana acu, a fhostaíonn thart ar 1.8 milliún duine, ní thiocfaidh aon athrú ar a ráta cánach corparáide de 12.5%.’

Gné thábhachtach eile den chomhaontú is ea aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag taighde agus forbairt sa gheilleagar domhanda nua-aimseartha agus thug an tAire Donohoe dá aire an ról tábhachtach a bhí ag an nuálaíocht maidir le freagairt don phaindéim dhomhanda,

‘Tá buntáistí na nuálaíochta feicthe againn le dhá bhliain anuas – go criticiúil maidir leis na vacsaíní atá ag ligean don tsochaí athoscailt anois, ach freisin an ról a bhí ag an teicneolaíocht chun gnólachtaí a choinneáil ar oscailt. Tá an nuálaíocht tábhachtach agus tá sé ceart gur féidir leis an gcóras cánach tacú leis seo. Tá áthas orm gur aithníodh é agus gur seachadadh é sa chomhaontú.’

Na Chéad Chéimeanna Eile

Buailfidh na 140 ballstát de Chreat Cuimsitheach ECFE le chéile amárach chun teacht ar chomhaontú, agus plean uaillmhianach feidhmithe don réiteach dhá chroíchoincheap atá beartaithe. Tá go leor oibre teicniúla le déanamh sna míonna agus sna blianta amach romhainn sula dtiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm. Meastar go dtarlóidh sé sin chomh luath le 2023.

Thug an tAire Donohoe le fios go raibh sé ag súil go leanfadh Éire de bheith ina suíomh an-tarraingteach d’IDE i bhfad tar éis comhaontú ECFE a chur i bhfeidhm,

‘Táim muiníneach go bhfanfaidh Éire iomaíoch amach anseo, agus go mbeimid fós i suíomh tarraingteach ‘is fearr san aicme’ nuair a fhéachfaidh ilnáisiúnaigh ar láithreacha infheistíochta. Tacaíonn na fiontair ilnáisiúnta seo lenár ngeilleagar le poist ardluacha agus ag an am céanna, cuireann Éire ardán cobhsaí ar fáil agus tá an rath léirithe le fada ag FINanna a roghnaíonn infheistíocht a dhéanamh anseo.