Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an Rialtas fadú 6 mhí eile ar an ráta CBL 9% ar ghás agus leictreachas

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 1 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

Tá an rialtas tar éis a chomhaontú inniu go ndéanfar an ráta cánach breisluacha (CBL) 9% a chuirtear i bhfeidhm i leith gáis agus leictreachais faoi láthair a fhadú go ceann sé mhí eile go dtí an 31 Deireadh Fómhair. Bhí an ráta CBL 9% le cur ar ais go 13.5% ón 1 Bealtaine.

Leagfar Rún Airgeadais faoi bhráid na Dála amárach, an 2 Aibreán, chun an bunús dlí is gá a sholáthar don fhadú seo. Cuireadh an ráta laghdaithe 9% i bhfeidhm den chéad uair ón 1 Bealtaine 2022. Ba é sin an chéad tréimhse CBL riamh ina rabhthas in ann ráta laghdaithe den sórt sin a chur i bhfeidhm.

Níl aon chinneadh déanta go fóill maidir le haon fhadú eile, agus breithneofar é sin mar chuid den ghnáthphróiseas buiséid.

Meastar go gcosnóidh an fadú seo €85 mhilliún, agus is é an ghlantairbhe a bhainfidh teaghlaigh as ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair ná laghdú €26.60 nó mar sin ar chostais leictreachais agus laghdú €20.28 nó mar sin ar chostais gháis.

Dúirt an tAire Donohoe:

“Aithnítear i gClár an Rialtais na brúnna méadaithe costais fuinnimh atá ar theaghlaigh agus gnólachtaí, agus tá an fadú seo ar an ráta laghdaithe 9% ag teacht leis na gealltanais a tugadh sa Chlár uainn chun na brúnna sin a mhaolú ar cibé bealach is féidir linn. Is eol dom go mbíonn praghsanna fuinnimh ag méadú anois freisin. Dá bhrí sin, creidim go bhfuil sé cuí an tacaíocht atá ann cheana a fhadú.”

Nótaí

Bhí an laghdú sealadach go 9% i ndáil leis an ráta CBL do ghás agus leictreachas ar cheann amháin de fhreagairtí an rialtais don ghéarchéim fuinnimh agus don tionchar a bhí aici ar an gcostas maireachtála. Cuireadh ráta laghdaithe i bhfeidhm den chéad uair ón 1 Bealtaine 2022.

Bhíothas in ann an laghdú sin a dhéanamh mar gheall ar leasú a rinneadh ar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir CBL sa bhliain 2022, ar leasú é lenar tugadh gás agus leictreachas faoi raon feidhme na catagóire rátaí laghdaithe.

Aithnítear i gClár an Rialtais na brúnna méadaithe costais fuinnimh atá ar theaghlaigh agus gnólachtaí, agus gealltar ann bearta cánachais a thabhairt ar aghaidh chun cabhrú le srian a choinneáil ar chostais fuinnimh, lena n-áirítear i ndáil le CBL.

Dá bhrí sin, chinn an rialtas Rún Airgeadais a thabhairt isteach Dé Céadaoin an 2 Aibreán 2025 chun an ráta CBL 9% do ghás agus leictreachas a fhadú go ceann 6 mhí eile ón 1 Bealtaine 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025.

Meastar go gcosnóidh an fadú seo €85 mhilliún, agus is é an ghlantairbhe a bhainfidh teaghlaigh as ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair ná laghdú €26.60 nó mar sin ar chostais leictreachais agus laghdú €20.28 nó mar sin ar chostais gháis.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat