Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an rialtas Plean Gníomhaíochta chun Córas Cánachais na hÉireann le haghaidh Úis a Athchóiriú

Inniu (an 7 Deireadh Fómhair), d’fhoilsigh an rialtas Plean Gníomhaíochta chun córas cánachais na hÉireann le haghaidh úis a athchóiriú.

Tá an Plean Gníomhaíochta bunaithe ar na freagraí a fuarthas ar an gcomhairliúchán poiblí fairsing ar an déileáil cánach le hús in Éirinn, rud a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2024 agus inar tarraingíodh aird ar an ngá atá le hathchóiriú ó bhonn a dhéanamh ar an gcreat bunúsach le haghaidh cáin a ghearradh ar ús agus le haghaidh inasbhainteacht úis.

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta cur chuige céimnithe i leith athchóirithe a chur chun cinn ar shlí a soláthróidh córas simplithe lena dtacófar le hiomaíochas agus lena gcosnófar an bonn cánach. Foilseofar ráiteas aiseolais i mí na Samhna ina lorgófar freagraí ó gheallsealbhóirí ar thograí chun aghaidh a thabhairt ar na príomh-shaincheisteanna a sainaithníodh mar chuid den chomhairliúchán, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin mar chuid de Bhille Airgeadais na bliana seo chugainn. Is i gcéimeanna ina dhiaidh sin a thabharfar aghaidh ar réimsí breise athchóirithe.

Dúirt Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais:

“Tá sé ríthábhachtach go leanfaimis le dul sa tóir ar bhealaí nua chun a chinntiú go bhfuil ár gcód cánach iomaíoch, tarraingteach d’infheisteoirí agus ailínithe leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Dá réir sin, tá áthas orm a fhógairt gur foilsíodh Plean Gníomhaíochta inniu chun córas cánachais na hÉireann le haghaidh úis a athchóiriú.

“Is é is aidhm don athchóiriú beartaithe ar chóras cánachais na hÉireann le haghaidh úis cabhrú le hiomaíochas a chosaint trí bhonn fónta cobhsaí a sholáthar le haghaidh infheistíocht intíre agus le haghaidh infheistíocht isteach in Éirinn araon. Toradh eile a bheidh air is ea simpliú riaracháin a sholáthar agus tuilleadh cinnteachta a thabhairt do ghnólachtaí Éireannacha, mar aon le leanúint lena chinntiú go bhfuil córas cánach corparáide na hÉireann le haghaidh úis cóir agus inbhuanaithe.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat