Fáiltíonn Éire roimh ghlacadh an Euro ag an mBulgáir

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn Éire roimh ghlacadh an Euro ag an mBulgáir

D’fháiltigh an Tánaiste Simon Harris, an tAire Airgeadais, roimh ghlacadh an Euro ag an mBulgáir inniu, an 1 Eanáir 2026.

Dúirt an Tánaiste gur forbairt stairiúil é seo agus go bhfuil an t-aistriú ina léiriú ar athléimneacht leantach an Euro mar airgeadra.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an Tánaiste:

“Is lá stairiúil é seo don Bhulgáir agus don Aontas Eorpach, agus ba mhaith liom fáiltiú roimh an mBulgáir mar an 21ú ball den limistéar Euro.

“Ba as obair dhíograiseach agus tiomantas na Bulgáire a tháinig an chloch mhíle seo, agus tarraingíonn sí aird ar a tharraingtí agus a athléimní atá an Euro go fóill.

“Táim ag tnúth le leanúint le hobair go dlúth le mo chomhghleacaithe ón mBulgáir, go háirithe ag cruinnithe den Ghrúpa Euro.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat