Meabhraíonn an tAire Donohoe d’úinéirí gnólachtaí go bhfuil síneadh curtha leis an scéim um trádstóráil fiacha cánach.
- Foilsithe: 23 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
De réir mar a théann sé in am d'úinéirí gnólachtaí tuairisceáin a chomhadú, glacann an tAire Donohoe an deis iad a mheabhrú gur gá leanúint le tuairisceáin a chomhdú in am.
Tar éis don Acht Airgeadais (Covid-19 agus Forálacha Ilghnéitheacha) a bheith sínithe ina dhlí an 19 Iúil, chuir an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe i gcuimhne d’úinéirí gnólachtaí inniu (Dé hAoine) go bhfuil síneadh curtha leis an am ar féidir fiacha cánach a trádstóráil.
I gcás gnólachtaí incháilithe, tá Tréimhse 1, lena bhféadtar fiacha cánach a trádstóráil, a sínithe amach anois go dtí an 31 Nollaig 2021. Tá tréimhse 2, an tréimhse nach mbíonn aon ús iníoctha, sínte amach anois go dtí an 31 Nollaig 2022. Ceanglaítear ar an gcáiníocóir an cháin ábhartha a aisíoc le linn Tréimhse 3, nuair a ghearrtar ús ag 3%.
Dúirt an tAire Donohoe:
‘Tabharfar soiléireacht agus dearfacht do ghnólachtaí maidir lena ndliteanais chánach don chuid eile de 2021 mar gheall ar an síneadh curtha ar an tréimhse ar féidir fiacha cánach a trádstóráil. Cuideoidh sé le gnólachtaí lena sreabhadh airgid sna míonna ag deireadh na bliana agus iad ag iarraidh teacht slán as na míonna den trádáil caillte nó den trádáil laghdaithe go suntasach’.
“Ba cheart, dá bhrí sin, cabhrú leo a gcuid cúlchistí a aisghabháil agus a aneartú, agus ar an gcaoi sin cuidiú lena n-inmharthanacht agus a marthanacht eacnamaíoch fadtéarmach a dhaingniú tuilleadh. Mar gheall ar an síneadh le Tréimhse 1 amach go dtí deireadh 2021, cuirfear spás breise análaithe do ghnólachtaí agus iad ag athoscailt, rud a fhágfaidh go ndéanfar dliteanais bhreise a trádstóráil agus an dáta a thosóidh íocaíocht dliteanas reatha agus trádstórais a chur siar tuilleadh.
“Chuir trádstóráil Fiachas Cánach cúnamh leachtacht suntasach ar fáil do ghnólachtaí le linn na paindéime, agus breis is €2.4 billiún trádstórailte ag níos mó ná 86,000 gnólachtaí.
“Déanann na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil rialta le cáiníocóirí a bhaineann leas as an trádstóráil fiachas chun iad a chur ar an eolas faoi na dliteanais agus a n-oibleagáidí faoin scéim, lena n-áirítear comhdú na dtuairisceán riachtanach go léir agus dliteanais eile a íoc. Tá roinnt gnólachtaí ann a bhfuil sé in am dóibh tuairisceáin a chomhdú inniu (23 Iúil). Tá an deis seo á thapú agam chun gnólachtaí a mheabhrú gur gá leanúint dá dtuairisceáin chánach a chomhdú in am agus iad ag baint leasa as an trádstóráil."
CRÍOCH
Nótaí do na heagarthóirí
Roimhe seo, bhí deireadh Thréimhse 1 ceangailte le hathoscailt an ghnólachta sin, ar aon dul le maolú na srianta d’earnálacha áirithe.
Tá gnólachtaí a bhfuil a gcuid cánacha trádstóráilte fós in ann deimhnithe imréitigh cánach a fháil má chomhlíonann siad a n-oibleagáidí cánach eile.
Ní bhaineann an Scéim Trádstórála ach amháin le:
- Cáin Bhreisluacha (CBL)
- ÍMAT (Fostóra) a chuimsíonn an na míreanna seo a leanas a chuireann fostóirí ar aghaidh faoin gCóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT):
-Cáin Ioncaim (CI)
-Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)
-Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)
-Cáin Mhaoine Áitiúil (LPT)
- Dliteanais Chánach Ioncaim (CI) áirithe le cáiníocóirí féinmheasúnaithe
- Ró-íocaíochtaí na Scéime um Fhóirdheontais Pá Sealadach (TWSS)
- Ró-íocaíochtaí na Scéime um Fhóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS)
Tá faisnéis bhreise faoin trádstóráil ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ag
RABHADH MAIDIR LE FIACHAIS CÁNACHA A GHABHANN LEIS AN COVID-19 A THRÁDSTÓRÁIL
Rinneadh €2.4 billiún a trádstóráil san iomlán (€ 1.107 milliún i ndliteanais ÍMAT (an Fostóra) lena n-áirítear thart ar €398 milliún PRSI, €1.275 milliún CBL agus €33 milliún cáin ioncaim).