Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Donohoe ranníocaíocht €141 mhilliún le Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta an Bhainc Dhomhanda

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

D’fhógair Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, inniu (Déardaoin) go bhfuil an rialtas tar éis an moladh uaidh a cheadú maidir le cistiú is fiú breis agus €140 milliún a sholáthar do Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta an Bhainc Dhomhanda.

Tá an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta ar cheann amháin de na cúig Institiúid dá bhfuil an Banc Domhanda comhdhéanta, agus soláthraíonn sé deontais do na tíortha is boichte agus is lú cairde ar domhan, agus tugann sé airgead ar iasacht dóibh ar théarmaí lamháltais an-fhabhrach.

Tá an ranníocaíocht seo mar chuid de thimthriall rialta cistiúcháin trí bliana lena gcumhdófar an tréimhse ó lár na bliana 2025 go lár na bliana 2028.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Donohoe:

“Mar Aire Airgeadais agus mar Ghobharnóir na hÉireann don Bhanc Domhanda, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil an rialtas tar éis ranníocaíocht €141.4 milliún le Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta an Bhainc Dhomhanda a cheadú.

“Tá Éire ag tacú le hobair an Bhainc Dhomhanda le fada, agus cuirfidh an ranníocaíocht seo spriocanna forbartha idirnáisiúnta na hÉireann ar aghaidh, arb é an aidhm atá leo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach trí 0.7 faoin gcéad d’ollioncam náisiúnta a leithdháileadh ar Chúnamh Oifigiúil Forbartha faoin mbliain 2030 agus dul i bhfeidhm ar na daoine is faide ar gcúl ar dtús.

“Tá Éire ag féachaint ón tús lenár sciar féin a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt dóibh sin a bhfuil an gá is mó acu leis. Mar gheall ar an tírdhreach idirnáisiúnta reatha, ar an teannas geopholaitiúil agus ar na cinntí a rinne daoine eile maidir le gealltanais i leith Cúnamh Oifigiúil Forbartha, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go seasfaimis ár bhfód agus go ndéanfaimis ranníocaíocht nuair is féidir linn.”

Dúirt sé ansin:

“Tá an ranníocaíocht ón rialtas cothrom le méadú 33.5% ar an ngealltanas roimhe uainn, rud a léiríonn tacaíocht leanúnach na hÉireann do réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna an domhain, agus díriú ar leith á leagan orthu sin a chónaíonn sna tíortha is boichte.”

Beidh an tAire Donohoe ag freastal ar Chruinnithe Earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda in Washington D.C., áit a mbuailfidh sé le Ajay Banga, Uachtarán an Bhainc Dhomhanda, chun plé a dhéanamh ar an obair thábhachtach a dhéanann an Banc Domhanda, ar a thábhachtaí atá an Banc Domhanda do thíortha atá i mbéal forbartha agus ar an rannchuidiú a dhéanann Éire leis an obair sin.

Nótaí

Tá an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta ar cheann amháin de na cúig institiúid dá bhfuil an Banc Domhanda comhdhéanta, agus is é an ciste atá i bhfeidhm ag an mBanc Domhanda do na cúig thír is boichte agus is lú cairde is seachtó ar domhan. Is é an phríomhaidhm atá ag an gComhlachas Forbartha Idirnáisiúnta tacú le raon leathan gníomhaíochtaí forbartha, amhail rochtain ar oideachas bunscoile, rochtain ar sheirbhísí sláinte bunúsacha, rochtain ar uisce glan agus ar shláintíocht, gníomhaíochtaí talmhaíochta, feabhsuithe ar an timpeallacht gnó, tionscadail bhonneagair, agus athchóirithe institiúideacha. Trí na hidirghabhálacha sin, réitítear an bealach i dtreo comhionannas, fás geilleagrach, cruthú post, ioncaim níos airde agus dálaí maireachtála níos fearr a bhaint amach.

San am atá thart, ba le ranníocaíochtaí ó rialtais na mballtíortha, Éire ina measc, a cistíodh an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta. Soláthraíonn sé deontais do thíortha cáilitheacha, agus tugann sé airgead ar iasacht dóibh ar théarmaí lamháltais an-fhabhrach atá saor ó ús nó lena ngabhann rátaí úis an-íseal thar thréimhsí fada aisíocaíochta.

Tá níos mó ná leath na dtíortha cáilitheacha de chuid an Chomhlachais Forbartha Idirnáisiúnta ina dtíortha ísealioncaim atá i mbaol níos airde anás fiachais. Is mar dheontais, nach ngabhann aon aisíocaíochtaí leo, a fhaigheann siad leath ar a laghad de na tacaí a dtugann an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta dóibh.

Is thar sceideal íocaíochta naoi mbliana, a thosóidh sa bhliain 2026 agus a chríochnóidh sa bhliain 2034, a dhéanfar ranníocaíocht na hÉireann leis an gComhlachas Forbartha Idirnáisiúnta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat