Ceapann an tAire Donohoe comhalta nua chuig Bord Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapann an tAire Donohoe comhalta nua chuig Bord Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026

Inniu (Dé Luain), d’fhógair Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, gur ainmníodh comhalta nua chuig Bord Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann.

Rinne an tAire Donohoe Ronan O’Neill a cheapadh mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin nua chuig an mBord.

Seoladh an próiseas roghnúcháin le haghaidh na gceapachán ar aon dul leis na “Treoirlínte do cheapacháin chuig Boird Stáit”, ar treoirlínte iad a d’fhoilsigh an rialtas i mí na Samhna 2014. Ba í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bhainistigh an próiseas, agus bhí leibhéal suntasach spéise sna poist a fógraíodh.

Ag labhairt dó faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Donohoe:

“Tá áthas orm a fhógairt gur ceapadh Ronan O’Neill chuig Bord Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann. Tá Ronan i riocht maith chun fónamh sa ról, mar gheall ar an taithí fhairsing atá aige ar sheirbhísí airgeadais. Cuirfidh Ronan raidhse taithí gairmiúla agus taithí rialachais araon le comhaltas Bhord Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann, agus guím gach rath air ar a cheapachán.”

Nótaí

Seoladh Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann go hoifigiúil i mí Eanáir 2019, agus é de dhualgas air tógáil tithe nua in Éirinn a chistiú. Is eintiteas tráchtála é, a sholáthraíonn maoiniú ag rátaí margaidh d’fhorbairtí cónaithe atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de.Foráiltear le halt 8 den Acht um Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann, 2018, go mbeidh idir triúr agus seachtar stiúrthóirí ar Bhord Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann, lena n-áirítear an Cathaoirleach, agus go gceapfaidh an tAire Airgeadais gach duine díobh.Tá seisear comhaltaí ar Bhord Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann faoi láthair. Tá folúntas amháin mar ghnáthchomhalta, a tháinig chun cinn tar éis do Ghráinne Hennessy éirí as i mí Feabhra 2025, á líonadh ag Ronan O’Neill anois.Beathaisnéis ar Ronan O’NeillTá Ronan ina Chomhalta d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte, ina Chomhalta d’Institiúid na mBaincéirí agus ina Stiúrthóir Deimhnithe Bainc. D’oibrigh Ronan i nGrúpa AIB ar feadh téarma 34 bliana, áit ar phléigh sé le raon gnólachtaí éagsúla, lenar áiríodh gnólachtaí i réimsí amhail Baincéireacht Chorparáideach agus Margaí Caipitil. Ceapadh é ar deireadh mar Phríomhfheidhmeannach ar ghnó AIB sa Ríocht Aontaithe. Chuaigh Ronan isteach i mBord Permanent TSB ansin, áit ar fhóin sé mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Riosca agus Comhlíonadh agus mar Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus ina dhiaidh sin mar Stiúrthóir Sinsearach Neamhspleách.taí

Seoladh Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann go hoifigiúil i mí Eanáir 2019, agus é de dhualgas air tógáil tithe nua in Éirinn a chistiú. Is eintiteas tráchtála é, a sholáthraíonn maoiniú ag rátaí margaidh d’fhorbairtí cónaithe atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de.

Foráiltear le halt 8 den Acht um Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann, 2018, go mbeidh idir triúr agus seachtar stiúrthóirí ar Bhord Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann, lena n-áirítear an Cathaoirleach, agus go gceapfaidh an tAire Airgeadais gach duine díobh.

Tá seisear comhaltaí ar Bhord Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann faoi láthair. Tá folúntas amháin mar ghnáthchomhalta, a tháinig chun cinn tar éis do Ghráinne Hennessy éirí as i mí Feabhra 2025, á líonadh ag Ronan O’Neill anois.

Beathaisnéis ar Ronan O’Neill

Tá Ronan ina Chomhalta d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte, ina Chomhalta d’Institiúid na mBaincéirí agus ina Stiúrthóir Deimhnithe Bainc. D’oibrigh Ronan i nGrúpa AIB ar feadh téarma 34 bliana, áit ar phléigh sé le raon gnólachtaí éagsúla, lenar áiríodh gnólachtaí i réimsí amhail Baincéireacht Chorparáideach agus Margaí Caipitil. Ceapadh é ar deireadh mar Phríomhfheidhmeannach ar ghnó AIB sa Ríocht Aontaithe. Chuaigh Ronan isteach i mBord Permanent TSB ansin, áit ar fhóin sé mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Riosca agus Comhlíonadh agus mar Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus ina dhiaidh sin mar Stiúrthóir Sinsearach Neamhspleách.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat