Deimhníonn an tAire Donohoe aistriú SMCSN chuig an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Donohoe aistriú SMCSN chuig an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

Tá Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, tar éis fáilte a chur roimh aistriú National Asset Residential Property Services DAC (“Seirbhísí Maoine Cónaithe na Sócmhainní Náisiúnta” nó “SMCSN”) ón nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (“GNBS”) chuig an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún. Tá 1,366 aonad cónaithe i bhfeithicil shainchuspóireach SMCSN, agus bhunaigh GNBS í i mí Iúil 2012 chun cabhrú le soláthar tithíochta sóisialta a bhrostú ar fud an Stáit.

Ag labhairt dó faoin aistriú, dúirt an tAire Donohoe:

“Tá an-áthas orm a dheimhniú go gcoinneofar SMCSN faoi úinéireacht an Stáit. Dá bharr sin, comhlíonfar ceann de na gealltanais thábhachtacha atá sa straitéis “Tithíocht do Chách”, agus leanfar ar aghaidh le foirceannadh céimnithe rianúil GNBS.

“Trí 1,366 aonad cónaithe a aistriú chuig an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún, cinnteofar go leanfaidh GNBS le rannchuidiú le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch an Stáit tar éis é a dhíscaoileadh ag deireadh na bliana.

“Mar aon leis an mbarrachas réamh-mheasta saoil €5.5 billiún a bheidh aige, lena n-áirítear punann SMCSN, bhain an pobal tairbhe mhór as an gcaidreamh a rinne GNBS le hÚdaráis Áitiúla agus Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe chun cabhrú le tithíocht shóisialta a sholáthar.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na geallsealbhóirí uile as a rannpháirtíocht ar fud an phróisis seo.

“Tá muinín agam go n-éireoidh le GNBS an ghníomhaíocht díghiarála atá fágtha aige a chríochnú ar bhealach an-ghairmiúil an-díograiseach sula ndíscaoilfear ar deireadh é, faoi réir achtú an Bhille um Leachtú Speisialta CÉRB a Chur i gCrích agus um GNBS a Dhíscaoileadh.”

Nótaí

Rinne GNBS Seirbhísí Maoine Cónaithe na Sócmhainní Náisiúnta (SMCSN) a bhunú i mí Iúil 2012 mar shamhail nuálach le haghaidh soláthar tithíochta sóisialta a bhrostú.

Bunaíodh SMCSN mar fhreagairt dhíreach do na dúshláin a bhí ann ag an am sin maidir le teacht ar chistiú le haghaidh tithíocht shóisialta a sholáthar.

Tá i bpunann SMCSN 1,366 mhaoin atá ar léas d’Údaráis Áitiúla agus do Chomhlachtaí Tithíochta Ceadaithe.

Sa bhliain 2019, d’ordaigh an tAire Airgeadais do GNBS úinéireacht a choinneáil ar SMCSN, chun a chinntiú go bhfanfadh SMCSN faoi úinéireacht an Stáit agus go mbeadh sé ina chuid d’aon aistriú sócmhainní féideartha ó GNBS roimh a dhíscaoileadh.

Mar chuid d’fhoirceannadh GNBS, fanfaidh dhá láithreán forbartha cónaithe a bhfuil acmhainneacht mhór breisluacha acu faoi úinéireacht an Stáit freisin. Aistreofar na láithreáin sin ó GNBS chuig an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún, agus acmhainn acu freastal ar thart ar 4,000 teach roimh dhíscaoileadh GNBS.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat