Tugann an tAire Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro, cuairt dhéthaobhach ar an tSlóivéin
- Foilsithe: 22 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Taistealóidh Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro agus Aire Airgeadais na hÉireann, go dtí an tSlóivéin inniu (Dé Luain) chun tabhairt faoi shraith seisiún caidrimh oifigiúil. Mar chuid den chlár, glacfaidh an tAire Donohoe páirt sa chomhdháil Fás a Scaoileadh: Todhchaí Mhargaí Caipitil na Slóivéine agus na hEorpa.
Ag an imeacht sin, tiocfaidh déantóirí beartais suntasacha agus saineolaithe idirnáisiúnta le chéile chun na dúshláin agus na deiseanna atá roimh mhargaí caipitil sa tSlóivéin, san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain a iniúchadh.
Ina theannta sin, rachaidh an tAire Donohoe i mbun plé déthaobhach le Klemen Boštjančič, Aire Airgeadais na Slóivéine, agus buailfidh sé leis an Uas. Christopher Hui, Rúnaí um Sheirbhísí Airgeadais agus Státchiste Rialtas Shainréigiún Riaracháin Hong Cong.
“Táim ag tnúth le cuairt tháirgiúil a thabhairt ar an tSlóivéin, agus mé ag déanamh ionadaíocht don Ghrúpa Euro agus do Rialtas na hÉireann araon.
Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais
“Príomhthosaíocht maidir le cobhsaíocht agus fás gheilleagar na hEorpa i gcoitinne go fóill is ea Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú. Tá sé ríthábhachtach ár margaí caipitil a neartú ar mhaithe le hinfheistíocht, nuálaíocht agus cruthú post a chothú ar fud na hEorpa. Tá an obair atá ar bun ag tíortha amhail an tSlóivéin thar a bheith tábhachtach ina leith sin. Trí leanúint le comhtháthú ár margaí airgeadais a fheabhsú, éireoidh linn deiseanna nua le haghaidh fáis agus athléimneachta a scaoileadh, ní amháin laistigh den limistéar euro ach ar fud an Aontais Eorpaigh ina iomláine freisin. Laistigh den Ghrúpa Euro, chuireamar béim pholaitiúil thábhachtach ar thacú le hiarrachtaí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus táim ag tnúth le heispéireas tábhachtach na Slóivéine ina leith sin a phlé.”
Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais