Seolann an tAire Donohoe an díolachán síos deiridh i leith scaireanna AIB

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Donohoe an díolachán síos deiridh i leith scaireanna AIB

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

D’fhógair Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, inniu go bhfuil sé de rún aige fáil réidh le scairsheilbh ordaithe an Stáit in AIB Group plc (“AIB”) trí idirbheart luathaithe leabharbhunaithe.

Ag labhairt dó faoin idirbheart atá le teacht, dúirt an tAire Donohoe:

“Mar a fógraíodh inniu, sheol an Stát díolachán síos deiridh i leith a scairsheilbhe ordaithe in AIB trí idirbheart luathaithe leabharbhunaithe. Tá an t-idirbheart luathaithe leabharbhunaithe seo ár an seachtú diúscairt den sórt seo i leith AIB, agus laghdófar scairsheilbh ordaithe an Stáit sa bhanc go nialas dá bharr. Is garsprioc thábhachtach é seo maidir le déanamh de réir bheartas an rialtais i ndáil leis an earnáil baincéireachta a chur ar ais faoi úinéireacht phríobháideach.”

16 Meitheamh 2025
CRÍOCH
Séanadh
Tá an phreaseisiúint seo á foilsiú chun críocha faisnéise amháin, agus ní ionann í agus tairiscint, agus ní cuid í de thairiscint, chun aon urrús de chuid AIB a dhíol sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil tairiscint den sórt sin neamhdhleathach agus ní ionann í agus sireadh tairisceana chun aon urrús de chuid AIB a cheannach sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil sireadh den sórt sin neamhdhleathach. Maidir leis na hurrúis de chuid AIB atá tuairiscithe sa phreaseisiúint seo, níor cláraíodh, agus ní chlárófar, iad faoi Acht na Stát Aontaithe um Urrúis, 1933, arna leasú ("an tAcht um Urrúis"), nó faoi aon dlíthe stáit nó eachtracha um urrúis is infheidhme, agus ní fhéadfar iad a thairiscint nó a dhíol sna Stáit Aontaithe in éagmais clárúcháin nó in éagmais díolúine ó cheanglais chlárúcháin an Achta um Urrúis. Ní raibh aon tairiscint phoiblí urrús ann sna Stáit Aontaithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat