Tugann an tAire Donohoe faoi deara an seasamh láidir a bhí ag an ngeilleagar intíre i dtús na bliana
- Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025
Tháinig méadú 9.7 faoin gcéad ar OTI ar bhonn ráithiúil sa chéad ráithe den bhliain.
- bhí méadú substaintiúil ar onnmhairiú earraí taobh thiar den mhéadú ar OTI. Den chuid is mó, is léiriú é sin ar thús-ualú onnmhairí chuig na Stáit Aontaithe roimh thabhairt isteach taraifí, agus meastar go dtiocfaidh laghdú ar an bhfigiúr i rith na bliana.
- tháinig méadú 0.8 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre – ar táscaire níos cuí ar ghníomhaíocht sa gheilleagar intíre é – i gcoibhneas leis an ráithe roimhe, agus tháinig méadú 1 faoin gcéad air ar bhonn bliantúil
- tháinig méadú láidir 2.5 faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí sa chéad ráithe
Inniu (an 5 Meitheamh), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don chéad ráithe den bhliain 2025.
Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais:
“Tugaim faoi deara an méadú substaintiúil ráithiúil 9.7 faoin gcéad ar Olltáirgeacht Intíre (OTI) sa chéad ráithe den bhliain.
“Ba é an príomhrud a bhí taobh thiar de sin ná méadú suntasach ar onnmhairiú earraí, agus is léiriú é, den chuid is mó, ar an ‘tús-ualú’ a rinneadh ar onnmhairí roimh fhorchur taraifí ag riarachán na Stát Aontaithe. Cé gur tharla an rud céanna i dtíortha eile freisin, is mó i bhfad scála an mhéadaithe in Éirinn ná sna tíortha sin. Measann mo chuid oifigeach gur treocht shealadach é seo agus gur dócha go maolóidh onnmhairí agus OTI i rith na bliana.
“Léirítear arís eile i dtorthaí an lae inniu nach bhfuil OTI ina léiriú cruinn ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch atá ar siúl ‘ar an talamh’.
“Sin an fáth a bhfuil táscairí malartacha, amhail Éileamh Modhnaithe Intíre, chomh tábhachtach sin i gcomhthéacs na hÉireann. Ar an mbonn sin, tháinig fás 0.8 faoin gcéad ar an ngeilleagar intíre sa chéad ráithe (nó 1 faoin gcéad ar bhonn bliantúil). Is léiriú níos cruinne é sin ar fhorbairtí sa mhargadh intíre, agus tá sé ag teacht le láidreacht ár margaidh saothair, agus 2.8 milliún duine san fhostaíocht i dtús na bliana.
“Deimhnítear i bhfigiúirí an lae inniu an seasamh measartha láidir a bhí ag an ngeilleagar intíre i dtús na bliana. Mar sin féin, éireoidh an t-ionchas eacnamaíoch níos dúshlánaí i gcónaí sa todhchaí. Go deimhin, is dócha go mbíonn an méadú suntasach ar éiginnteacht ag dul i bhfeidhm ar fhás.
“Sa timpeallacht dhomhanda níos dúshlánaí seo, ní mór dúinn díriú ar réimsí beartais inar féidir linn tionchar a imirt. Beidh tábhacht ar leith ag baint lenár n-iomaíochas a threisiú tuilleadh chun a chinntiú go mbeidh Éire ina háit tharraingteach i gcónaí chun cónaí, obair agus infheistiú inti.”
Nótaí
Is ionann éileamh modhnaithe intíre (deiridh), arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an tomhaltais phearsanta agus rialtais agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.