An tAire Donohoe chun cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinniú an Ghrúpa Euro do mhí Aibreáin agus chun freastal ar chruinniú neamhfhoirmiúil de chuid ECOFIN i Vársá
- Foilsithe: 10 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025
Taistealóidh Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais agus Uachtarán an Ghrúpa Euro, go Vársá chun cathaoirleacht a dhéanamh ar an nGrúpa Euro agus chun freastal ar an gcruinniú neamhfhoirmiúil de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) a bheidh ar siúl an 11 agus 12 Aibreán.
Ag labhairt dó roimh na cruinnithe, dúirt an tAire Donohoe:
“Tugann na cruinnithe neamhfhoirmiúla seo de chuid ECOFIN agus de chuid an Ghrúpa Euro deis dom féin agus do mo chomhghleacaithe Aireachta breathnú i suíomh neamhfhoirmiúil ar raon saincheisteanna agus beartas atá ríthábhachtach dár saoránaigh.
“Tá tréimhse an-luaineach i ndán don gheilleagar domhanda, agus táim ag tnúth le cathaoirleacht a dhéanamh ar phlé ag an nGrúpa Euro maidin Dé hAoine ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar chomhordú beartais sa limistéar euro. I bhfianaise na ndálaí dúshlánacha sin, tá sé tábhachtach go malartódh Airí tuairimí ar fhorbairtí fioscacha a thit amach le déanaí, ar dhúshláin atá le teacht chun cinn agus ar thionchair fhéideartha ar staid fhioscach an limistéir euro agus ar an mórmheascán beartais.
“Chomh maith leis sin, tabharfaidh na cruinnithe de chuid ECOFIN Dé hAoine agus Dé Sathairn deis luachmhar chun labhairt le comhghleacaithe faoi na dúshláin gheopholaitiúla atá roimh an Eoraip, agus díriú á leagan ar shaincheisteanna a bhaineann le trádáil agus ar mhaoiniú cosanta. Tabharfaidh siad deis do na hAirí freisin smaointe a chur chun cinn maidir le conas feabhas a chur ar iomaíochas mhargaí airgeadais na hEorpa agus ar an ról atá acu maidir le hinfheistíocht a chothú.”
Ag an nGrúpa Euro, maidin Dé hAoine, ullmhóidh na hAirí do na Cruinnithe Earraigh de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda atá le teacht trí threochtaí ráta malairte agus treochtaí boilscithe a phlé. Agus é i bhformáid chuimsitheach, déanfaidh an Grúpa Euro athbhreithniú ansin ar ionchais eacnamaíocha dhomhanda, ar fhorbairtí fioscacha, agus ar chomhordú beartais sa limistéar euro, agus ionchur á fháil ó Aurore Lalucq Uas., an Cathaoirleach ar Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an tAire Donohoe na hAirí ar an eolas faoinar thit amach ag an gCruinniú Mullaigh Euro i mí an Mhárta.
Tosóidh an cruinniú neamhfhoirmiúil de chuid ECOFIN tráthnóna Dé hAoine, áit a dtionólfar lón oibre ar lena linn a phléifidh na hAirí na hiarmhairtí maicreacnamaíocha a bheidh ag an trádáil don Aontas Eorpach. Ina dhiaidh sin, tionólfar seisiún oibre comhpháirteach leis na hAirí agus leis na Gobharnóirí Bainc Ceannais ar iomaíochas mhargaí airgeadais na hEorpa agus ar an ról atá acu maidir le hinfheistíocht a chothú, agus béim ar leith á cur ar an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta. Leanfaidh an cruinniú de chuid ECOFIN ar aghaidh maidin Dé Sathairn, agus seisiún maidir le maoiniú slándála agus cosanta a bheidh bunaithe ar nóta ó Bruegel á thionól maidir le conas cumais chosanta na hEorpa a fheabhsú.