An tAire Donohoe chun cuairt a thabhairt ar an gCipir agus ar an nGréig

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Donohoe chun cuairt a thabhairt ar an gCipir agus ar an nGréig

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

Beidh Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais agus Uachtarán an Ghrúpa Euro, ag taisteal go dtí an Chipir agus go dtí an Ghréig an tseachtain seo chun freastal ar shraith cruinnithe le húdaráis náisiúnta ag a bpléifear forbairtí maicreacnamaíocha a thit amach le déanaí agus tosaíochtaí an Ghrúpa Euro, lena n-áirítear an euro digiteach agus an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta.

Tá an tAire Donohoe sa Niocóis inniu (Dé Máirt, an 15 Aibreán) chun freastal ar chruinnithe déthaobhacha le Nikos Christodoulides, Uachtarán Phoblacht na Cipire, agus le Makis Keravnos, Aire Airgeadais na Cipire. Buailfidh sé freisin le comhaltaí den Gharda Síochána atá ag fónamh le Fórsa Coimeádta Síochána na Náisiún Aontaithe sa Chipir.

Beidh sé san Aithin Dé Céadaoin (an 16 Aibreán) chun freastal ar chruinnithe déthaobhacha le Kyriakos Mitsotakis, Príomh-Aire na Gréige, agus le Kyriakos Pierrakakis, Aire Geilleagair agus Airgeadais na Gréige.

Ag labhairt dó roimh a chuairteanna, dúirt an tAire Donohoe:

“Táim ag tnúth le dul i dteagmháil le mo chomhghleacaithe ón gCipir agus ón nGréig agus le cluinstin uathu faoi conas is féidir linn obair i gcomhar le chéile chun obair agus tosaíochtaí an Ghrúpa Euro a chur ar aghaidh.

“Is ag an gCipir agus ag an nGréig atá an dá gheilleagar is mó atá faoi bhláth sa limistéar euro. A bhuí leis an maoirseacht gheilleagrach a rinne an dá thír, baineadh amach comhdhlúthú fioscach agus athchóirithe struchtúrtha lena bhfeabhsaítear táirgiúlacht, as ar tháinig fás níos mó agus meath níos géire ar an bhfiachas poiblí i gcomparáid leis an limistéar euro i gcoitinne. Is féidir leis an dá thír léargais luachmhara a chur in iúl dúinn de réir mar a théimid i ngleic le dúshláin reatha agus de réir mar a mhúnlaímid todhchaí eacnamaíoch an limistéir euro.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat