Taistealaíonn an tAire Donohoe go Washington DC do Chruinnithe Bliantúla an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda don bhliain 2025
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Taistealóidh Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais agus Uachtarán an Ghrúpa Euro, go Washington an tseachtain seo chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn agus don limistéar euro araon ag Cruinnithe Bliantúla an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus an Bhainc Dhomhanda.
Ag na Cruinnithe Bliantúla, faigheann Airí Airgeadais agus Gobharnóirí Bainc Ceannais ó gach cearn den domhan agus na príomhphearsana ó CAI agus ón mBanc Domhanda an deis chun teacht le chéile agus dúshláin dhomhanda eacnamaíocha agus forbartha a phlé, lena n-áirítear an measúnú ó CAI ar an ionchas eacnamaíoch domhanda.
Ag labhairt dó roimh na Cruinnithe Bliantúla, dúirt an tAire Donohoe:
“Tá áthas orm páirt a ghlacadh sna Cruinnithe Bliantúla in Washington DC i mbliana i mo cháil mar Aire Airgeadais, mar Ghobharnóir na hÉireann ag CAI agus ag an mBanc Domhanda agus mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro.
“Chomóir na hinstitiúidí sin 80 bliain a mbunaithe an bhliain seo caite, agus anois, níos mó ná riamh, teastaíonn siad uainn chun cabhrú le dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda atá romhainn. Tá ríthábhacht ag baint leis an iltaobhachas maidir le torthaí éifeachtacha athléimneacha a áirithiú, go háirithe mar gheall ar choinbhleachtaí domhanda dianseasmhacha agus leanúnacha agus mar gheall ar an gcorraíl eacnamaíoch a chonacthas le déanaí.
“Mar chuid de na cruinnithe seo, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil Éire i bhfách leis an dearbhú ón mBanc Domhanda maidir le hionadaíocht na mban a chur chun cinn ar an mBord Stiúrthóirí Feidhmiúcháin. Tá an sárthionscnamh sin ar aon dul le ceann amháin de na croíthosaíochtaí de bheartas forbartha eachtraí agus idirnáisiúnta na hÉireann, agus tá sé ag teacht leis an ngealltanas atá i gClár an Rialtais an sprioc atá ann ionadaíocht inscne 40% ar a laghad a bhaint amach sa tír seo a chur chun cinn.”
Le linn na gCruinnithe Bliantúla, freastalóidh an tAire Donohoe ar na Cruinnithe de chuid Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G20 agus de chuid Chomhghuaillíocht na nAirí Airgeadais um Ghníomhú ar son na hAeráide. Ina cháil mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro, freastalóidh an tAire Donohoe freisin ar chruinniú de chuid Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G7.
Glacfaidh an tAire Donohoe páirt i sraith seisiún caidrimh leis na meáin freisin chun aird a tharraingt ar chlár oibre beartais eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa.