Taistealaíonn an tAire Donohoe go Washington DC do Chruinnithe Earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda don bhliain 2025
- Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025
Taistealóidh Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais agus Uachtarán an Ghrúpa Euro, go Washington an tseachtain seo chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn agus don limistéar euro araon ag Cruinnithe Earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus an Bhainc Dhomhanda.
Ag na Cruinnithe Earraigh, faigheann Airí Airgeadais agus Gobharnóirí Bainc Ceannais ó gach cearn den domhan an deis chun teacht le chéile agus dúshláin dhomhanda eacnamaíocha agus forbartha a phlé. Beidh na Cruinnithe Earraigh seo ar siúl le linn tréimhse an-éiginnte sa timpeallacht eacnamaíoch.
Ag labhairt dó roimh na Cruinnithe Earraigh, dúirt an tAire Donohoe:
“I mo cháil mar Aire Airgeadais, mar Ghobharnóir na hÉireann ag CAI agus ag an mBanc Domhanda araon agus mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro, tá áthas orm páirt a ghlacadh sna Cruinnithe Earraigh in Washington DC i mbliana.
“Chomóir na hinstitiúidí sin 80 bliain a mbunaithe an bhliain seo caite, agus anois, níos mó ná riamh, teastaíonn siad uainn chun cabhrú le dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda atá romhainn. Tá ríthábhacht ag baint leis an iltaobhachas maidir le torthaí éifeachtacha athléimneacha a áirithiú, go háirithe mar gheall ar choinbhleachtaí domhanda dianseasmhacha agus leanúnacha agus mar gheall ar an gcorraíl eacnamaíoch a chonacthas le déanaí.
“Táim ag tnúth le dul i mbun sraith seisiún cuiditheach caidrimh le comhghleacaithe Aireachta agus le hoifigigh ag CAI agus ag an mBanc Domhanda le linn mo chuairte, agus sinn ag plé conas is fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha sin agus ár gcomhspriocanna a chur chun cinn.”
Le linn na gCruinnithe Earraigh, glacfaidh an tAire Donohoe páirt sa seachtú Plé Comhchéime Aireachta ar Thacaíocht don Úcráin, agus freastalóidh sé ar chruinniú de chuid Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G20. Freastalóidh sé freisin ar chruinniú de chuid Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G7 ina cháil mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro.
Chomh maith leis sin, tabharfaidh na Cruinnithe Earraigh deis chun bualadh le ceannairí gnó agus oifigigh shinsearacha ó CAI agus ón mBanc Domhanda chun forbairtí a thit amach le déanaí a phlé, lena n-áirítear an measúnú a rinne CAI ar an ionchas eacnamaíoch domhanda agus an t-athlánú ar Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta an Bhainc Dhomhanda.
Glacfaidh an tAire Donohoe páirt i seisiúin chaidrimh leis na meáin freisin chun aird a tharraingt ar chlár oibre beartais eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa.