Cuireann an tAire Donohoe fáilte roimh chríochnú an idirbhirt aischeannaigh scaireanna €1.2 billiún le AIB

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Donohoe fáilte roimh chríochnú an idirbhirt aischeannaigh scaireanna €1.2 billiún le AIB

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

De bhun na fógartha roimhe a rinneadh an 31 Márta 2025, chuir Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, fáilte inniu roimh chríochnú an idirbhirt aischeannaigh scaireanna deiridh le AIB Group plc (“AIB” nó “an Chuideachta”). Is é an toradh a bheidh ar an idirbheart seo, ar cheadaigh scairshealbhóirí é ag an gcruinniú ginearálta bliantúil a bhí ag AIB le déanaí, ná go bhfaighidh an Chuideachta €1.2 billiún dá scaireanna ar ais ón Stát trí cheannach lasmuigh den mhargadh ar phraghas €6.2607 in aghaidh na scaire.

Agus é ag cur fáilte roimh chríochnú an idirbhirt seo, dúirt an tAire Donohoe:

“Tá críochnú an idirbhirt aischeannaigh scaireanna seo le AIB ina bheart an-tábhachtach don Chuideachta agus don Stát araon. Laghdaigh sé ár scairsheilbh in AIB go 3.3%, agus sinn ag aisghabháil €1.2 billiún eile ónár n-infheistíocht sa Chuideachta.

“I dteannta na díbhinne bliantúla is déanaí is fiú thart ar €100 milliún a gheofar Dé hAoine, is cothrom le thart ar €19.2 billiún a bheidh an méid iomlán a bheidh tugtha ar ais don Stát ónár n-infheistíocht in AIB. San am i láthair, is fiú thart ar €500 milliún í an scairsheilbh atá fágtha againn. Sealbhófar na fáltais ón idirbheart seo laistigh den Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn, agus is chun tairbhe don Stát a úsáidfear ar deireadh iad.

“Ar bhonn foriomlán, bunaithe ar phraghsanna reatha margaidh, déanfaidh an Stát brabús is fiú thart ar €300 milliún ar an infheistíocht €29.4 billiún a rinne sé in AIB, i mBanc na hÉireann agus in PTSB.

“Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don dul chun cinn a rinneadh maidir le scairsheilbh an Stáit in AIB a laghdú ó 99.8% roimh an tairiscint tosaigh don phobal i leith an bhainc sa bhliain 2017 go 3.3% inniu. Níl an Stát ar an scairshealbhóir is mó in AIB a thuilleadh agus, tríd an bplean trádála scaireanna atá i mbun feidhme go fóill, leanfar lenár scairsheilbh a laghdú, agus tá conair shoiléir againn i dtreo imeacht ón gCuideachta thar na míonna atá le teacht.

“Sealbhaíonn an Stát barántais in AIB freisin, a eisíodh tamaillín tar éis na tairisceana tosaigh don phobal a sheol an banc sa bhliain 2017. Chuir oifigigh na Roinne Airgeadais tús le réamhphléití le AIB maidir leis an mbanc a bheith ag ceannach na mbarántas sin ar ais ón Stát.”

Fuair an Roinn Airgeadais comhairle ó William Fry LLP i ndáil leis an idirbheart seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat