Cuireann an tAire Donohoe fáilte roimh chríochnú idirbhirt Barántas le AIB is fiú €390 milliún
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Chuir Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, fáilte inniu roimh chríochnú an idirbhirt deiridh le AIB Group plc (“AIB” nó “an Chuideachta”). Leis an idirbheart, deimhnítear gur chealaigh an tAire Airgeadais thart ar 271 mhilliún barántas (“na Barántais”) in AIB, arb ionann iad agus thart ar 12.7% de scairchaipiteal eisithe iomlán AIB (“an tIdirbheart”), ar chomaoin €390 milliún.
Bhí sé de cheart ag an Aire na Barántais a fheidhmiú tríd an bpraghas feidhmithe (€6.752) a íoc le AIB in airgead tirim i leith na mbarántas a bhí amuigh. Ós rud é gurb é beartas an rialtais nach mbeidh an Stát ina infheisteoir fadtéarmach sna bainc, chomhaontaigh an tAire na Barántais sin in AIB a eisíodh chuig an Aire mar chuid den tairiscint tosaigh don phobal de chuid AIB sa bhliain 2017 a chealú.
Agus é ag cur fáilte roimh chríochnú an idirbhirt seo, dúirt an tAire Donohoe:
“Tá críochnú an idirbhirt cealaithe Barántas seo le AIB ina bheart an-tábhachtach don Chuideachta agus don Stát araon. Is é seo an t-idirbheart deiridh le AIB agus is é an toradh a bheidh air ná go n-aisghabhfar €390 milliún eile ónár n-infheistíocht sa Chuideachta.
“I dteannta na €19.8 billiún nó mar sin a tugadh ar ais don Stát cheana féin, is cothrom le €20.2 billiún a bheidh an méid iomlán a bheidh tugtha ar ais ónár n-infheistíocht in AIB. Sealbhófar na fáltais ón idirbheart seo laistigh den Státchiste, agus is chun tairbhe don Stát a úsáidfear ar deireadh iad.”
Fuair an Roinn Airgeadais comhairle ó N.M. Rothschild & Sons Limited agus ó William Fry LLP i ndáil leis an idirbheart seo.
Nótaí
Mar chuid den tairiscint tosaigh don phobal i mí an Mheithimh 2017, idirbheartaíodh go n-eiseodh AIB Barántais chuig an Stát mar mhodh chun fálú in aghaidh cás ina dtiocfadh méadú mór ar an scairphraghas tar éis na tairisceana tosaigh don phobal. Leis na Barántais sin, cuireadh ar ár gcumas scair sa bhanc a cheannach ar ais dá rachadh an scairphraghas os cionn Praghas Feidhmithe €6.752. Bheadh sé sin ina eisíoc airgid ábhartha don Stát i bhfianaise an Phraghais Feidhmithe agus i bhfianaise an lín Barántas a eisíodh. Ós rud é gurb é beartas an rialtais nach mbeidh an Stát ina infheisteoir fadtéarmach sna bainc, chinn an tAire ina ionad sin na Barántais in AIB a chealú ar chomaoin €390 milliún.
Nóta cúlra
Infheistíodh €29.4 billiún san iomlán in AIB, i mBanc na hÉireann agus in PTSB idir na blianta 2009 agus 2011.
Aisghabhadh thart ar €29.7 billiún in airgead tirim trí dhiúscairtí, trí ioncam infheistíochta, trí tháillí ráthaíochta dliteanais, agus trí na Barántais in AIB go dtí seo.
Tá a infheistíocht ar fad i mBanc na hÉireann agus in AIB diúscartha ag an Stát anois, lenar áiríodh na Barántais ar eisigh AIB iad a chealú.
Is fiú €390 milliún é cealú na mBarántas.
Tá luach €0.9 billiún, nó mar sin, ar an infheistíocht atá fágtha in PTSB faoi láthair.
Fágann sé sin go bhfuilimid €1.3 billiún os cionn na cóimheá faoi láthair i leith ár n-infheistíochta €29.4 billiún sna bainc intíre.