Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh shonraí ina ndeimhnítear gur tháinig fás láidir ar an ngeilleagar intíre anuraidh
- Foilsithe: 6 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Tháinig méadú 2.7 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre – arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é – sa bhliain 2024
- Tháinig laghdú 1.1 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre sa cheathrú ráithe i gcoibhneas leis an ráithe roimhe, ach bhí sé fós cothrom le méadú 1.3 faoin gcéad ar bhonn bliantúil
- Tháinig méadú láidir 2.3 faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí anuraidh, agus é cothrom le méadú 1.6 faoin gcéad sa cheathrú ráithe den bhliain 2024
- Tháinig fás 3.6 faoin gcéad ar OTI sa cheathrú ráithe, agus tháinig méadú 9.2 faoin gcéad air ar bhonn bliantúil
Inniu (an 6 Márta), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don cheathrú ráithe den bhliain 2024.
Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais:
“Beag beann ar chúngú sa ráithe dheireanach, deimhnítear i bhfigiúirí an lae inniu gur fhás an geilleagar intíre ar luas láidir anuraidh. Tháinig méadú 2.7 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre don bhliain ina hiomláine. Tá sé sin beagáinín os cionn réamhaisnéis mo roinne, mar atá 2.5 faoin gcéad. Tá an fás sa gheilleagar intíre ag teacht le láidreacht ár margaidh saothair, agus 2.8 milliún duine san fhostaíocht anuraidh.
“In éineacht leis na tuairisceáin státchiste a foilsíodh inné, léirítear i bhfigiúirí an lae inniu go bhfuil riocht measartha sláintiúil ar an ngeilleagar intíre i gcoitinne.
“Tá an t-ionchas seachtrach ag éirí níos éiginnte le míonna beaga anuas, áfach, mar gheall ar ilroinnt dhomhanda mhéadaitheach. Agus é ar cheann de phríomhthairbhithe an chomhtháthaithe eacnamaíoch dhomhanda, tá geilleagar na hÉireann neamhchosanta ar na haisiompuithe atá ar siúl faoi láthair.
“Ó thaobh an rialtais de, beidh an fhreagairt beartais dírithe ar na ‘nithe inrialaithe’ a rialú. Is é sin le rá go mbeimid ag díriú ar na nithe ar féidir linn tionchar díreach a imirt orthu. Is é atá i gceist leis sin leanúint le hathléimneacht, iomaíochas agus táirgiúlacht a mhéadú. Déanfaimid é sin trí leanúint le haghaidh a thabhairt ar na scrogaill mhóra bhonneagair atá ann i bpríomhréimsí straitéiseacha agus trí infheistiú i scileanna agus in oiliúint.
“Ceann de na príomhthosaíochtaí atá againn is ea ár maoláin a fhorbairt ionas gur féidir linn leanúint le freastal ar ár ndaoine nuair a thiocfaidh dúshláin chun cinn agus nuair a thitfidh an chéad suaitheadh eacnamaíoch eile amach.”
Nótaí
Is ionann éileamh modhnaithe intíre (deiridh), arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an tomhaltais phearsanta agus rialtais agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.