Cuireann an tAire Donohoe fáilte roimh bhallraíocht na hÉireann d’Institiúid na Bruiséile um Gheopholaitíocht

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Donohoe fáilte roimh bhallraíocht na hÉireann d’Institiúid na Bruiséile um Gheopholaitíocht

Chuir Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais agus Uachtarán an Ghrúpa Euro, fáilte inniu roimh an bhfíoras go ndeachaigh Éire isteach in Institiúid na Bruiséile um Gheopholaitíocht mar bhall stáit.

Tá Institiúid na Bruiséile um Gheopholaitíocht ar an gcéad mheitheal smaointe riamh sa Bhruiséil atá tiomnaithe go hiomlán do gheopholaitíocht agus do straitéis. Trí chinnteoirí i réimsí an bheartais phoiblí, an ghnó agus na sochaí sibhialta a thabhairt le chéile, féachann an Institiúid le cultúr straitéiseach a chothú don Aontas Eorpach. Is í Éire an deichiú stát den Aontas Eorpach a tháinig chun bheith ina bhall den Institiúid.

Chun an eachtra seo a chomóradh, dúirt an tAire Donohoe:

“Is cúis áthais dom go ndeachaigh Éire isteach in Institiúid na Bruiséile um Gheopholaitíocht mar bhall stáit bunaidh. Mar gheall ar an éiginnteacht dhomhanda mhéadaitheach atá i réim, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimis, mar Eorpaigh, aird ar ar tharla san am atá thart agus go bpléifimis go criticiúil na smaointe agus na treochtaí a mhúnlóidh ár dtodhchaí. Tá rannpháirtíocht na hÉireann san Institiúid ina léiriú ar an tiomantas atá againn leanúint le ról cuiditheach a imirt sa phlé sin.”

Ag féachaint chun cinn ar ár nUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh sa dara leath den bhliain 2026, cuirfidh Éire dearcadh sainiúil i leith thodhchaí na hEorpa le clár oibre na hInstitiúide, rud a bheidh bunaithe ar iltaobhachas agus ar íogaireacht láidir i leith éagóir dhomhanda. Soláthróidh sí cur chuige ceannródaíoch i leith nuálaíochta agus rialáil chuíchóirithe chun tacú le forbairt eacnamaíoch freisin.

Dúirt Luuk van Middelaar, Stiúrthóir na hInstitiúide:

“Tá lúcháir orainne ag an Institiúid go mbeidh Éire ag dul isteach san Institiúid mar bhall stáit. Táimid ag tnúth go mór le guthanna Éireannacha sainiúla a chluinstin maidir le conas aghaidh a thabhairt ar shruthanna geopholaitiúla. Trína dtiomantas agus trína rannpháirtíocht ghníomhach, cuirfear dearcadh Eorpach uathúil le hobair na hInstitiúide, i bhfianaise dhearcthaí stairiúla agus geografacha sonracha na hÉireann.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat