Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Donohoe fáilte roimh fhoilsiú an naoú Tuarascáil Bhliantúil ón gCoimisiún um Achomhairc Chánach

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

Tá Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, tar éis fáilte a chur roimh fhoilsiú an naoú Tuarascáil Bhliantúil ón gCoimisiún um Achomhairc Chánach, rud a leagadh faoi bhráid na Dála agus atá foilsithe freisin ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin ag an nasc seo a leanas: Tuarascálacha Bliantúla.

Sa bhliain 2024, réitigh an Coimisiún beagán os cionn 1,700 achomharc cánach dar luach iomlán €355 mhilliún, laghdaigh sé an líon achomharc a bhí idir lámha aige faoi bheagnach 38 faoin gcéad, sceidealaigh sé 280 éisteacht dar luach iomlán €390 milliún, agus d’eisigh sé 180 cinneadh dar luach iomlán €34 mhilliún nó mar sin.

Agus an dul chun cinn suntasach a rinne an Coimisiún le linn na bliana 2024 á thabhairt faoi deara aige, dúirt an tAire:

“Soláthraíonn an Coimisiún um Achomhairc Chánach seirbhís ríthábhachtach mar chuid dár gcóras cánach, agus é ag tabhairt modh éifeachtúil, cóir agus inrochtana eile chun achomhairc chánach a dhéanamh seachas dul i muinín na gCúirteanna.

“De réir na Tuarascála Bliantúla ón gCoimisiún don bhliain 2024, dhún an Coimisiún um Achomhairc Chánach níos mó ná 1,700 achomharc an bhliain seo caite, agus í ar an séú bliain as a chéile inar mhó an líon achomharc a dhún an Coimisiún ná an líon achomharc a fuair sé. Tugaim faoi deara freisin gur laghdaíodh an líon achomharc a bhí idir lámha aige go thart ar 700 ceann faoi dheireadh na bliana 2024. Is é sin an líon is ísle achomharc atá idir lámha ag an gCoimisiún ó bunaíodh ar dtús é.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don tsárobair a rinne an Coimisiún um Achomhairc Chánach sa bhliain 2024. Ba mar thoradh ar thiomantas na gCoimisinéirí Achomhairc agus fhoireann an Choimisiúin chun seirbhís achomhairc den chéad scoth a sholáthar a d’éirigh leis an gCoimisiún na garspriocanna seo a bhaint amach.”

Ag seoladh na Tuarascála Bliantúla, dúirt Marie-Claire Maney Uas., Cathaoirleach an Choimisiúin:

“Tríd an teicneolaíocht fheabhsaithe agus na saoráidí uasghrádaithe éisteachta cianda atá aige, leanann an Coimisiún um Achomhairc Chánach le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraíonn sé do gach páirtí.”

Cumhdaíodh gach cuid den chóras cánach leis na hachomhairc ar bhreithnigh an Coimisiún iad sa bhliain 2024, lenar áiríodh Cáin Ioncaim, Cáin Bhreisluacha, Cáin Ghnóchan Caipitiúil, Cáin Fháltas Caipitiúil, Cáin Chorparáide, Cáin Chláraithe Feithiclí, agus muirir Chustam agus taraifí Custam.

Nótaí

Is é príomhaidhm an Choimisiúin um Achomhairc Chánach próiseas achomhairc cánach atá éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar. Bunaíodh an comhlacht i mí an Mhárta 2016, agus áit Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc á glacadh aige.

Éisteann Coimisinéirí Achomhairc achomhairc in aghaidh breitheanna agus cinntí ó na Coimisinéirí Ioncaim maidir le cánacha agus dleachtanna, agus tugann siad breith orthu agus déanann siad cinneadh orthu.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat