Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais agus Uachtarán an Ghrúpa Euro, chun freastal ar Les Rencontres Économiques d’Aix-en-Provence 2025

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 4 Iúil 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

Taistealóidh Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais agus Uachtarán an Ghrúpa Euro, go dtí an Fhrainc inniu chun freastal ar an 25ú heagrán de Les Rencontres Économiques d’Aix-en-Provence (RÉAix), ceann de na fóraim bheartais phoiblí is mó le rá san Eoraip, a bheidh ar siúl idir an 4 agus an 5 Iúil 2025.

Le linn an imeachta, freastalóidh an tAire Airgeadais ar shraith cruinnithe déthaobhacha le príomhdhéantóirí beartas, le heacnamaithe agus le ceannairí gnó, agus glacfaidh sé páirt i seisiún iomlánach dar teideal “Móiminteam Eorpach a Atógáil”, áit a gcomhroinnfidh sé dearcthaí maidir le beartas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh agus comhordú an Ghrúpa Euro a neartú. Áirítear iad seo a leanas leis na rannpháirtithe eile san imeacht: Gabriel Attal (Iar-Phríomh-Aire, an Fhrainc), Dalia Grybauskaite (Iar-Uachtarán, an Liotuáin), Dimitar Kovačevski (Iar-Phríomh-Aire, an Mhacadóin Thuaidh), Renaud Muselier (Uachtarán ar Chomhairle Réigiúnach Provence-Alpes-Côte d’Azur), Benoit Coeure (comhalta de Le Cercle des économistes, comhordaitheoir na seisiún), agus Lucie Robequain (iriseoir, La Tribune, modhnóir na bpléití).

Dúirt an tAire Donohoe:

“Táim ag tnúth le filleadh ar RÉAix 2025, tráth is gá don Eoraip agus dá comhpháirtithe domhanda athmhachnamh a dhéanamh ar na conairí i dtreo fás inbhuanaithe, athléimneacht agus cothroime a bhaint amach. Tabharfaidh sé deis an-tráthúil dúinn machnamh a dhéanamh ar an dóigh ar féidir leis an limistéar euro cur lena athléimneacht eacnamaíoch i bhfianaise éiginnteacht dhomhanda mhéadaitheach.”

Ba é Le Cercle des économistes a bhunaigh Les Rencontres Économiques d’Aix-en-Provence (RÉAix) sa bhliain 2001. Is comhdháil bhliantúil é ag a dtugtar príomhdhéantóirí beartas, eacnamaithe, ceannairí gnó, agus gníomhaithe sochaí sibhialta le chéile chun tuairimí a mhalartú ar rialachas eacnamaíoch domhanda agus ar fhreagairtí beartais atá ag teacht chun cinn.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh Gréasáin Les Rencontres Économiques d’Aix-en-Provence 2025.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat