Tosaíonn an tAire Robert Troy turas Lá Fhéile Pádraig go Texas
- Foilsithe: 12 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2026
- Tá na cuairteanna ar Dallas agus ar Austin mar chuid d’imeachtaí caidrimh na nAirí ar fud na cruinne
- Freastalóidh an tAire Troy ar Theach Éireann ag SXSW, ar féile nuálaíochta, teicneolaíochta agus cultúir a bhfuil cáil dhomhanda uirthi é.
Chuir Robert Troy TD, an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais, tús inniu le sraith imeachtaí caidrimh mar chuid de chlár taistil an Rialtais do Lá Fhéile Pádraig.
Tabharfaidh an tAire Troy cuairt ar Dallas, Texas, ar dtús chun caidreamh a dhéanamh le ceannairí polaitiúla agus leis an bpobal Éireannach sa chathair, lena n-áireofar Irish Business Network Dallas. Tabharfaidh sé cuairt freisin ar Stocmhalartán Texas agus ar Bhanc Cúlchiste Feidearálach Dallas.
Ina dhiaidh sin, taistealóidh sé go Austin, Texas, chun freastal ar Theach Éireann ag SXSW (South by South West). Príomhfhéile a chuimsíonn an nuálaíocht, an teicneolaíocht, an cultúr agus an gnó is ea SXSW. Beidh Éire ag freastal ar Theach Éireann mar chuid de chomhiarracht idir Consalacht na hÉireann in Austin, Fiontraíocht Éireann, GFT Éireann, agus Fís Éireann.
Mar chuid dá imeachtaí caidrimh le gnólachtaí, tabharfaidh an tAire Troy cuairt ar champas Dell Technologies in Round Rock, agus beidh cruinnithe aige le cliantchuideachtaí de chuid Fhiontraíocht Éireann agus GFT Éireann.
Ag labhairt dó faoin gclár, dúirt an tAire Troy:
“Tá clár taistil Lá Fhéile Pádraig ina eachtra uathúil thábhachtach atá ceaptha chun gach rud atá go maith faoi Éirinn a shárthaispeáint ar fud na cruinne. Agus mé anseo, feicfidh mé le mo shúile féin cé chomh domhain agus atá diaspóra na hÉireann in Texas. Feicfidh mé freisin na gnólachtaí agus na fiontraithe sin a bhíonn ag tiontú a gcuid smaointe ina margadh suntasach. Is caidreamh seanbhunaithe é an caidreamh atá ann idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá sé ríthábhachtach go gcoinneoimis na ceangail sin ar bun ar mhaithe lenár dtairbhe fhrithpháirteach agus go bhforbróimis iad.
Táim ag tnúth go háirithe le SXSW. Tá SXSW ina ardán thar a bheith tábhachtach do ghnólachtaí agus ealaíontóirí Éireannacha, agus tabharfaidh sé fíordheis dúinn ceangal le chéile agus aird a tharraingt orainn féin ar an leibhéal domhanda.”