Fáiltíonn an tAire Robert Troy roimh leathnú Brady Insurance isteach i gcumhdach spóirt agus imeachtaí
- Foilsithe: 3 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Tá Robert Troy, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, tar éis fáiltiú roimh an bhfógairt go mbeidh Brady Insurance ag leathnú a línte gnó isteach san earnáil spóirt agus imeachtaí, go háirithe i réimsí ina raibh sé dúshlánach teacht ar chumhdach san am atá thart.
Ag labhairt dó faoin bhforbairt, dúirt an tAire Troy:
“Léiriú ar an méadú i láidreacht agus iomaíochas mhargadh árachais na hÉireann is ea an leathnú seo. Téann iomaíocht mhéadaithe chun tairbhe do thomhaltóirí, go háirithe grúpaí pobail a tháinig ar dheacrachtaí maidir le cumhdach inacmhainne a rochtain san am atá thart. Treisíonn sí freisin an cháil atá ar Éirinn ar fud an domhain mar thimpeallacht oibriúcháin chobhsaí tharraingteach inar féidir le hárachóirí a ngnó a bhunú agus a fhás.”
Tharraing an tAire aird ar an ngealltanas leantach atá tugtha ag an rialtas Plean Gníomhaíochta nua um Athchóiriú Árachais a fhoilsiú, mar atá i gClár nua an Rialtais dar teideal ‘Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú’. Is plean é a bheidh dírithe ar iomaíocht bhreise a spreagadh sa mhargadh agus ar obair i gcomhar le geallsealbhóirí chun trédhearcacht agus inacmhainneacht a mhéadú ar fud gach cineáil árachais. Leis an bplean sin, tógfar ar an dul chun cinn suntasach a rinneadh faoin bplean gníomhaíochta roimhe, lenar cruthaíodh margadh níos inbhuanaithe agus dálaí níos fearr d’árachóirí intíre agus d’árachóirí idirnáisiúnta araon.
Dúirt an tAire Troy:
“Léiríonn an rath atá ar chuideachtaí amhail Brady Insurance doimhneacht na scileanna agus an tsaineolais atá ann inár n-earnáil árachais intíre. Agus iad ag freastal ar riachtanais an mhargaidh agus ag obair i gcomhar le grúpaí pobail, imríonn árachóirí agus bróicéirí ról ríthábhachtach maidir le cabhrú le pobail ar fud na tíre bláthú.”
Leanann an rialtas le díriú ar thírdhreach árachais atá iomaíoch agus trédhearcach agus atá fabhrach do thomhaltóirí a chothú, á chinntiú gur féidir le gnólachtaí agus pobail teacht ar an gcumhdach a theastaíonn uathu chun fás agus chun rath a bhaint amach.
Nótaí
Tá Brady Insurance ina phríomhbhróicéir árachais Éireannach atá lonnaithe i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma, agus tá láithreacht láidir aige ar fud na tíre. Bunaíodh an chuideachta sa bhliain 1959, agus déanann sí speisialtóireacht i línte árachais tráchtála, árachais phearsanta agus sainárachais, lena n-áirítear árachas gnó, árachas maoine, mótarárachas, árachas spóirt agus árachas imeachtaí. Aithnítear Brady Insurance as an saineolas atá aige ar réitigh shaincheaptha chumhdaigh a sholáthar agus as an tiomantas atá aige tacú le gnólachtaí, le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí ar fud na tíre.