Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an tAire Troy ar chruinnithe neamhfhoirmiúla de ECOFIN agus den Ghrúpa Euro sa Chipir

Taistealóidh Robert Troy TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, go dtí an Chipir chun freastal ar na cruinnithe neamhfhoirmiúla den Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) agus den Ghrúpa Euro a bheidh ar siúl an 22 agus an 23 Bealtaine.

Ag labhairt dó roimh na cruinnithe, dúirt an tAire Troy:

“Tá ríméad orm a bheith in Lefkosia do na cruinnithe neamhfhoirmiúla de ECOFIN agus den Ghrúpa Euro atá á n-óstáil ag an gCipir mar chuid dá hUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tabharfaidh na cruinnithe neamhfhoirmiúla a bheidh ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn deis luachmhar chun labhairt le hAirí Airgeadais agus Gobharnóirí Bainc Ceannais an Aontais Eorpaigh faoi raon topaicí tábhachtacha roimh thús Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle i mí Iúil.

Ag an gcruinniú den Ghrúpa Euro Dé hAoine, pléifimid forbairtí eacnamaíocha reatha sula ndíreoimid ár n-aird ar an margadh tithíochta ar fud an Aontais Eorpaigh. Is saincheist ríthábhachtach in Éirinn í infhaighteacht agus inacmhainneacht tithíochta, agus táim ag tnúth le dul i dteagmháil go cuiditheach le comhghleacaithe ar an topaic sin. Ag deireadh an chruinnithe den Ghrúpa Euro, tabharfar an t-eolas is deireanaí ar staid reatha an euro dhigitigh, ar comhad tábhachtach é a bhféachfaimid le hé a chur ar aghaidh le linn ár nUachtaránachta.”

Maidir leis an gcruinniú neamhfhoirmiúil de ECOFIN, dúirt an tAire Troy:

“I dtús an chruinnithe neamhfhoirmiúil de ECOFIN, beidh lón oibre againn a bheidh dírithe ar iomaíochas an Aontais Eorpaigh a mhéadú. I bhfianaise na n-eachtraí geopholaitiúla a thit amach le déanaí, is léir gur gá don Eoraip ár dtáirgiúlacht a mhéadú, nuáil agus dul san iomaíocht ar fud an domhain ar bhonn práinneach, agus tá ról lárnach le himirt ag Rialtais ina leith sin.

Agus sinn ag bogadh isteach sa chéad seisiún oibre, rachaidh Gobharnóirí Bainc Ceannais i bpáirt linn chun na gnéithe de chripteamhonaí cobhsaí agus na feidhmeanna atá acu a phlé. Ag deireadh an chruinnithe de ECOFIN, beidh díospóireacht ann ar conas is féidir leis an Eoraip freastal ar a riachtanais infheistíochta agus dea-thorthaí a bhaint amach dár saoránaigh gan an bonn a bhaint d’inbhuanaitheacht fhioscach. Táim ag tnúth le cluinstin ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus le tuairimí mo chomhghleacaithe a fháil maidir leis an tsaincheist ábhartha sin.”

Nóta don Eagarthóir

Ag an gcruinniú den Ghrúpa Euro i bhformáid rialta maidin Dé hAoine, rachaidh na hAirí i mbun a bpléití rialta ar fhorbairtí maicreacnamaíocha sa limistéar euro sula rachaidh siad i mbun plé ar mhargadh tithíochta na hEorpa faoin sruth oibre iomaíochais. Ag deireadh an chruinnithe den Ghrúpa Euro, tabharfar an t-eolas is deireanaí ar an staid reatha i ndáil leis an euro digiteach.

Tosóidh an cruinniú neamhfhoirmiúil de ECOFIN tráthnóna Dé hAoine, áit a dtionólfar lón oibre ar lena linn a mhalartóidh na hAirí tuairimí maidir leis an ngá atá le hiomaíochas na hEorpa a neartú i gcomhthéacs na bhforbairtí geopholaitiúla a thit amach le déanaí. Beidh an plé bunaithe ar láithreoireacht ó Pierre Gramegna, Stiúrthóir Bainistíochta an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, agus ón Ollamh Andreas Theophanous, Uachtarán Ionad na Cipire um Ghnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta ag Ollscoil na Niocóise.

Le linn Sheisiún Oibre I, rachaidh Gobharnóirí Bainc Ceannais i bpáirt leis na hAirí Airgeadais chun plé a dhéanamh ar úsáid cripteamhonaí cobhsaí agus ar na príomhghnéithe agus na feidhmeanna eacnamaíocha atá acu, bunaithe ar láithreoireacht ó Bruegel.

Leanfar leis na pléití maidin Dé Sathairn le linn Sheisiún Oibre II: Conas is Féidir leis an Eoraip Íoc as Rudaí nach bhFuil ar a hAcmhainn? Malartóidh na hAirí tuairimí maidir le conas is féidir leis an Eoraip freastal ar riachtanais mhéadaitheacha chaiteachais gan an bonn a bhaint d’inbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach, agus rannchuidiú á fháil acu ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat