Iarrann an tAire Troy ar chuideachtaí árachais an laghdú tobhaigh a chur i bhfeidhm chun leas custaiméirí
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Chuir Robert Troy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, fáilte inniu roimh an gcinneadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann tobhach an Chiste Cúitimh Árachais a laghdú ó 2% go 1%. Beidh éifeacht leis an laghdú ón 1 Eanáir 2026, agus tá an tAire Stáit Troy tar éis a iarraidh ar chuideachtaí árachais a chinntiú go gcuirfear an laghdú sin i bhfeidhm ina iomláine chun leas custaiméirí.
Bunaíodh an Ciste Cúitimh Árachais chun sealbhóirí polasaí a chosaint i gcás dócmhainneacht árachóra. D’íoc an Státchiste thart ar €1 billiún leis an gCiste ón mbliain 2011 i leith, ag teacht sna sála ar Quinn Insurance Limited a bheith ag dul faoi riarachán. Tugadh an tobhach isteach an athuair ag ráta 2% chun an iasacht sin a aisíoc, agus bhí an t-iarmhéid gan íoc os cionn €270 milliún ag deireadh na bliana 2023.
Agus é ag cur fáilte roimh an bhfógairt ón mBanc Ceannais, dúirt an tAire Troy:
“Is dea-scéala don earnáil árachais agus do shealbhóirí polasaí é an laghdú ar thobhach an Chiste Cúitimh Árachais. Is léiriú é ar an dul chun cinn suntasach a rinneadh maidir le cobhsaíocht a athbhunú sa mhargadh i gcoitinne. Tá sé ríthábhachtach anois go gcuirfeadh árachóirí an laghdú sin i bhfeidhm chun leas a gcustaiméirí. Teastaíonn muinín agus trédhearcacht ón earnáil, agus tá sé ríthábhachtach go ngníomhódh árachóirí go freagrach.”
Tríd an mBunachar Sonraí Náisiúnta d’Fhaisnéis faoi Éilimh, táthar ag bailiú na sonraí is gá chun méid beacht na gcoigiltí do thomhaltóirí a shuí.