Óstálann an tAire Troy Ambasadóir Cheanada ag an Roinn Airgeadais
- Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025
Chuir Robert Troy, an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais ar a bhfuil freagracht speisialta as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, fáilte roimh Dennis King, Ambasadóir Cheanada chun na hÉireann, go dtí an Roinn Airgeadais inniu.
Bhí an plé déthaobhach dírithe ar na naisc mhóra thrádála atá ann idir Éire agus Ceanada agus ar an láithreacht mhéadaitheach atá ag gnólachtaí Ceanadacha seirbhísí airgeadais sa tír seo.
Tá oibríochtaí ar bun in Éirinn ag ceithre cinn de ‘Chúig Bhanc Mhóra’ Cheanada: Scotiabank, Bank of Montreal (BMO), Toronto‑Dominion (TD), agus National Bank of Canada. Chomh maith leis sin, tá Irish Life, an gnólacht árachais saoil is mó in Éirinn, faoi úinéireacht ag Great-West Lifeco, ceann de na hárachóirí saoil is mó i gCeanada.
Is ag Scotiabank atá láithreacht in Éirinn ó bhí an bhliain 1966 ann, agus feidhmíonn an láithreacht sin anois mar phríomhbhainisteoir caidrimh ag an mbanc sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus oibríochtaí margaí caipitil agus baincéireachta corparáidí dá chuid lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Rinne BMO, TD agus National Bank of Canada feidhmeanna suntasacha corparáideacha, cisteáin, urrús agus comhlíonta riosca a bhunú i mBaile Átha Cliath, agus Éire á húsáid acu chun margadh an Aontais Eorpaigh a rochtain tar éis an Bhreatimeachta.
Is fiú níos mó ná €10 billiún í an trádáil idir Éire agus Ceanada gach bliain. Tá 75 chuideachta Cheanadacha ag oibriú in Éirinn, agus breis agus 15,000 fostaí acu. Tá níos mó ná 400 cliantchuideachta de chuid Fhiontraíocht Éireann ag déanamh gnó i gCeanada freisin, agus breis agus 6,000 fostaí acu.
Phléigh an tAire Troy agus an tAmbasadóir King an tábhacht a bhaineann le héagsúlú na trádála, mar aon leis na deiseanna a tháinig as cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála sa bhliain 2017.
Cumhdaíodh comhoibriú leantach san earnáil seirbhísí airgeadais freisin, go háirithe i bhfianaise an straitéis ‘Éire d’Airgeadas’ a fhorbairt, an chéad straitéis eile ó Éirinn maidir leis an earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta.
Dúirt Robert Troy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas:
“Bhí lúcháir orm fáilte a chur roimh an Ambasadóir King go dtí an Roinn Airgeadais inniu chun plé déthaobhach a dhéanamh ar na naisc atá ann idir ár dhá dtír. Leanann an caidreamh eacnamaíoch idir Éire agus Ceanada de bheith ag leathnú, agus tá bainc ollmhóra Cheanadacha ina bhfostóirí móra inár n-earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta.
I bhfianaise na bhforbairtí trádála a thit amach idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe le déanaí, measaim go bhfuil deiseanna láidre ann chun comhar trádála a neartú faoi chreat an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála, go háirithe ar fud seirbhísí airgeadais.”