Minister Troy hosts closing ceremony for the Credit Union DE Europe Programme

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Minister Troy hosts closing ceremony for the Credit Union DE Europe Programme

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

Tháinig 42 rannpháirtí ó 11 ghluaiseacht idirnáisiúnta comhar creidmheasa ar fud an domhain le chéile i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite don 21ú clár ‘Development Education (DE) Europe’ do Chomhair Chreidmheasa. Tionóladh searmanas bronnta teastas sa Roinn Airgeadais Dé Luain, an 11 Lúnasa, ag deireadh an chláir.

Ba é Robert Troy TD, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, a d’óstáil an t-imeacht. Bhronn sé teastais dhea-thuillte ar na céimithe uile agus ghuigh sé gach rath orthu féin agus ar a ngluaiseacht comhar creidmheasa faoi seach sa todhchaí.

Chuir an tAire Robert Troy TD fáilte roimh an gclár ‘DE Europe’ go hÉirinn, agus é ag rá:

“Bhí lúcháir orm fáilte a chur roimh an gclár ‘DE Europe’ go hÉirinn den chéad uair riamh, agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine den dá rannpháirtí is daichead faoin gclár seo a chríochnú.

Tá tábhacht ag baint le himeachtaí idirnáisiúnta cosúil leis an gceann seo, agus tugann siad deis d’Éirinn ár gcuid eolais agus luachanna a chomhroinnt le saoránaigh Éireannacha agus an tábhacht a bhaineann leis an earnáil comhar creidmheasa a chur in iúl dóibh.

Mholfainn do na rannpháirtithe uile cur leis na líonraí a tógadh le seachtain anuas, rud a thacóidh le comhroinnt eolais leantach agus a neartóidh comhair chreidmheasa ar fud an domhain tuilleadh.”

Críoch

Nótaí don Eagarthóir

Maidir le ‘DE Europe’

Sa chúrsa oiliúna ‘Development Education Europe (DE Europe)’ do Chomhair Chreidmheasa, tugtar léargas do dhaoine aonair ar na prionsabail chomhoibríocha, ar fhealsúnacht na gluaiseachta comhar creidmheasa agus ar na saincheisteanna forbartha idirnáisiúnta atá le sárú ag comhair chreidmheasa agus ag a bpobail sa lá atá inniu ann.

Is cúrsa oiliúna cónaithe a mhaireann seachtain amháin é ‘Development Education (DE) Europe’, agus é dírithe ar bhaill foirne, ceannairí agus oibrithe deonacha comhair creidmheasa agus orthu sin a oibríonn sa mhórearnáil comhar creidmheasa. Tá an clár mar chuid de líonra ‘Global DE’ na Fondúireachta Domhanda do Chomhair Chreidmheasa. Ghlac daoine ó roinnt mhaith tíortha páirt sa chlár i mbliana, lenar áiríodh daoine ó na tíortha seo a leanas: Éire, Sasana, an Chéinia, Siarra Leon, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat