An tAire Troy chun toscaireacht Éireannach a stiúradh ag Money20/20 Europe in Amstardam

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Troy chun toscaireacht Éireannach a stiúradh ag Money20/20 Europe in Amstardam

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

  • Beidh ionadaíocht láidir ó ghnólachtaí Éireannacha ag an gcomhdháil dhomhanda um theicneolaíocht airgeadais agus íocaíochtaí
  • Buailfidh an tAire Troy le ceannairí tionscail ó chuideachtaí dúchasacha agus ilnáisiúnta, mar aon le ceannairí polaitiúla ón Ísiltír

Taistealóidh Robert Troy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, go hAmstardam inniu chun ionadaíocht a dhéanamh do Rialtas na hÉireann ag Money 20/20. Is comhdháil atá aitheanta go domhanda é Money20/20, ag a nasctar ceannairí tionscail agus beartais sa réimse teicneolaíochta airgeadais agus íocaíochtaí le chéile.

Le linn an dá lá a chaithfidh sé ag an imeacht, buailfidh an tAire Troy le roinnt cliant de chuid Fhiontraíocht Éireann agus GFT Éireann. Tabharfaidh sé cuairt ar phailliún na hÉireann freisin. Stiúrfaidh sé fáiltiú trádála de chuid Fhiontraíocht Éireann, mar aon le cruinniú comhchéime faoi thionchar na hintleachta saorga san earnáil íocaíochtaí.

Leagfaidh an tAire Troy béim ar an seasamh láidir atá ag Éirinn mar rogha-cheann scríbe don nuálaíocht airgeadais, agus labhróidh sé faoi Éire d’Airgeadas, an straitéis uile-rialtais atá le teacht don earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta in Éirinn. Féachfaidh sé le caidrimh a neartú le hoifigigh ón Ísiltír freisin.

Áirítear iad seo a leanas leis na cuideachtaí a mbuailfidh an tAire Troy leo:

  • CleverCards
  • Fexco
  • ID-Pal
  • TransferMate
  • Stripe
  • Fiserv
  • Paysafe

Ag labhairt dó faoin imeacht agus faoin tábhacht a bhaineann leis, dúirt an tAire Troy:

“Tugann Money 20/20 ardán ríthábhachtach do chuideachtaí teicneolaíochta airgeadais Éireannacha a gcumas a thaispeáint, nascadh le geallsealbhóirí domhanda agus comhpháirtíochtaí breise a áirithiú. Is fíorshócmhainn don tír í earnáil teicneolaíochta airgeadais na hÉireann mar gheall ar an rath a bhain cuideachtaí amhail Fexco, Stripe agus TransferMate amach, i dteannta cuideachtaí eile atá ag fás ina ngníomhaithe idirnáisiúnta. Tá rún daingean ag an rialtas seo agus ag ár gcuid gníomhaireachtaí a chinntiú go leanfar leis an teicneolaíocht airgeadais a fhorbairt agus go leanfar le hinfheistiú a dhéanamh inti. Is í Fiontraíocht Éireann an tríú hinfheisteoir is gníomhaí sa teicneolaíocht airgeadais san Eoraip, agus níos mó ná €90 milliún infheistithe aici i mbreis agus 200 ceann de ghnólachtaí teicneolaíochta airgeadais agus de ghnólachtaí airgeadais a bunaíodh in Éirinn.

“Is mór an onóir dom ionadaíocht a dhéanamh do Rialtas na hÉireann ag Money20/20, áit a bhfeicfidh mé le mo shúile féin an rian a bhíonn á fhágáil ag ár gcuideachtaí ar an ardán idirnáisiúnta. Bainfidh mé leas as an deis seo freisin chun Éire a chur chun cinn mar rogha-cheann scríbe don nuálaíocht airgeadais. Is fórsa iomaíoch san Eoraip sinn mar gheall ar na scileanna atá againn agus ar an rochtain atá againn ar roinnt margaí éagsúla, agus coinneoidh mé an méid sin ar bun tríd an obair atá le teacht ar Éire d’Airgeadas, a bheidh ar an gcéad straitéis eile ón rialtas maidir le seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat