An tAire Troy chun misean trádála go Nua-Eabhrac a stiúradh, agus díriú á leagan ar earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Troy chun misean trádála go Nua-Eabhrac a stiúradh, agus díriú á leagan ar earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta na hÉireann

  • fostaíonn an earnáil breis agus 60,000 duine in Éirinn, agus ceann amháin de gach ceithre ról lonnaithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath
  • gealltar i gClár an Rialtais Straitéis nua ‘Éire d’Airgeadas’ suas go dtí an bhliain 2030 a sholáthar
  • déanfaidh an tAire Troy caidreamh le cliaint ó Fhiontraíocht Éireann agus ó GFT araon, mar aon le grúpaí tionscail agus daonchairdiúla

An tseachtain seo, beidh Robert Troy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, ag stiúradh misean trádála go Nua-Eabhrac a bheidh dírithe ar fhorbairt leantach earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta na hÉireann.

Cuimsíonn an toscaireacht i gcoitinne ionadaithe ón Roinn Airgeadais, ó Fhiontraíocht Éireann, agus ó GFT. Rachaidh an tAire Troy i mbun roinnt imeachtaí caidrimh mar chuid den mhisean, lena n-áireofar caidreamh le cliaint de chuid Fhiontraíocht Éireann agus GFT, eagraíochtaí daonchairdiúla, grúpaí tionscail, agus an tionscal príobháideach.

Le linn an mhisin, leagfar díriú lárnach ar fhorbairt leanúnach an chéad leagain eile den straitéis ‘Éire d’Airgeadas’, arb í an straitéis uile-rialtais le haghaidh fhorbairt na hearnála seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta í.

Tá an straitéis ‘Éire d’Airgeadas’, atá faoi stiúir ag oifig an Aire Troy, ina hábhar do chomhairliúchán poiblí faoi láthair. Tá an chéad leagan eile den straitéis, lena gcumhdófar an tréimhse 2026-2030, le seoladh go luath sa chéad leath den bhliain 2026.

Fostaíonn earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta na hÉireann breis agus 60,000 duine, agus ceann amháin de gach ceithre phost lonnaithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Tháinig méadú 50% ar an líon post san earnáil ó bhí an bhliain 2015 ann, agus ghin earnáil fhoriomlán seirbhísí airgeadais na hÉireann breis agus €6 billiún in ioncam cánach gach bliain ó bhí an bhliain 2021 ann.

Ag labhairt dó faoin misean, dúirt an tAire Troy:

“Aithnítear Nua-Eabhrac ar fud an domhain mar mhol le haghaidh seirbhísí airgeadais, agus is lonnaithe ann atá ceanncheathrú a lán gnólachtaí a bhfuil oibríochtaí suntasacha ar bun acu in Éirinn. Tá fíor-rath ar ár n-earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta, agus í ag éirí ina rogha-cheann scríbe do roinnt de na gnólachtaí is mó i réimsí amhail baincéireacht agus íocaíochtaí, bainistíocht cistí agus sócmhainní, agus árachas. I bhfianaise luas na forbartha teicneolaíche san earnáil, tá agus beidh Éire ina tairbhí mór mar gheall ar a láidre atáimid agus mar gheall ar chomhchónaí a bheith ar mhórghnólachtaí teicneolaíochta agus seirbhísí airgeadais sa tír seo.

“Is rud thar a bheith tráthúil é an misean trádála seo go Nua-Eabhrac chun bualadh le gnólachtaí domhanda a bhíonn ag infheistiú in Éirinn agus le gnólachtaí Éireannacha a bhíonn ag onnmhairiú chuig na Stáit Aontaithe. Is fíor sin mar thoradh ar an tírdhreach geopholaitiúil a bhíonn ag athrú agus mar thoradh ar fhorbairt na chéad straitéise eile ‘Éire d’Airgeadas’ araon. Táim ag tnúth le héisteacht agus le caidreamh a dhéanamh, chun a chinntiú go dtreoróidh an chéad leagan eile den straitéis ‘Éire d’Airgeadas’ sinn suas go deireadh na deacáide agus ina dhiaidh.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat