English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Níos mó ná €400 milliún íoctha chun tacaíocht a thabhairt do phoist agus fostaithe le linn na laethanta crua seo - Donohue

Dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD inniu, gur thug na Coimisinéirí Ioncaim níos mó ná €400 milliún ón Scéim Tacaíochta Srianta Covid (STSC) do chomhlachtaí ó cuireadh tús leis an scéim ar Lá an Bhuiséid an 13 Deireadh Fómhair 2020, an lá a fógraíodh agus cuireadh i bhfeidhm í.

Íocadh tuairim is €260 milliún sa chéad cheathrú de 2021 agus bhain níos mó ná 20,000 comhlacht leas as an scéim go dtí seo.

I leith na n-íocaíochtaí seo, dúirt an tAire Donohoe:

Fáiltím go raibh na Coimisinéirí Ioncaim in ann a oiread tacaíochta a chur ar fáil in am an ghátair seo. - beagnach €410 milliún do 21,600 comhlacht a bhí cláraithe, i dtaca le 23,900 n-áitreabh gnó ar fud na hÉireann. Roimhe seo, gheall mé nach mbeadh deireadh tobann leis an tacaíocht agus go mbeifear an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) agus an CRSS le fadú go dtí deireadh mhí Mheithimh 2021. Áiritheoidh sé seo cinneacht de shaghas éigin do chomhlachtaí de réir mar a leagaimid an bhunchloch le haghaidh an téarnaimh mhaith maidir leis an saol poiblí, seirbhísí agus an geilleagar sa mhí romhainn'

Dúirt sé fresiin:

'Tugtar aird ar leith ar a d'fhéadfaí tacaíocht a bheith riachtanach go dtí deireadh 2021 chun comhlachtaí agus poist inmharthana a chuidiú agus chun cinnteacht a chur ar fáil do chomhlachtaí a oiread is féidir.' Nuair a bheartófar an cineál tacaíochta, cuirfí san áireamh na hathruithe ar imthosca agus cúinsí eacnamaíochta de réir mar a eireoidh siad níos soléire. Tá an Rialtas tiomanta chun tacaíocht a thabhairt do chomhlactaí, fostóirí agus fostaithe a oiread is féidir an tráth seo.'

Nótaí d’eagarthóirí

Tugann an STSC tacaíocht spriocdhírithe do chomhlactaí a bhí buailte ag na srianta poiblí go díreach nuair a bhí orthu dúnadh go sealadach nó nuair a bhí orthu rochtain ar a n-áitreamh a laghdú go mór.

Tá an tacaíocht seo curtha ar fáil do chomhlachtaí agus daoine féinfhostaithe a sheolann gníomhaíochtaí trádála ó áitreamh gnó atá suite i réigiún atá faoi réir srianta ar tugadh isteach leis an bPlean chun Maireachtáil le Covid-19, rud as a dtig go mbíonn ar an gcomhlacht bac ar dhaoine a theacht isteach nó srian a chur ar mhéid a gcustaiméirí teacht isteach, rud as a dtig go mbíonn siad ag oibriú ag 25% an láimhdeachais a bhí ann in 2019.

I gcoitinne, is ionann é seo agus Srianta Covid ag Leibhéal 3,4 nó 5 i bPlean an Rialtach chun Maireachtáil le Covid-19 ach d'fhéadfaí comhlachtaí áirithe cáiliú don tacaíocht nuair a bhíonn níos lú srianta á n-oibriú. Íoctar 10% den mheán láimhdeachais sheachtainiúil a bhí ann in 2019 suas go dtí €20,000, móide 5% den láimhdeachas thar €20,000, an figiúr seo faoi réir uasteorainn sheachtainiúil de €5,000.

Foilsíonn na Coimisnéirí Ioncaim staidreamh seachtainiúil (ó Mhárta ar aghaidh) i dtaca le hoibriúchán na scéimeanna tacaíochta, an STSC ina measc agus tá na staitisticí ar fáil anseo:

https://www.revenue.ie/en/corporate/information-about-revenue/statistics/number-of-taxpayers-and-returns/covid-19-support-schemes-statistics.aspx

Foilsíodh measúnú an STSC ar an 24 Márta, féach ar an nasc anseo

https://www.revenue.ie/en/corporate/information-about-revenue/statistics/number-of-taxpayers-and-returns/covid-19-support-schemes-statistics.aspx